MIONLÉIRMHEAS: Saighdiúirí faoi éide

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo: 

MIONLÉIRMHEAS: Saighdiúirí faoi éide

August
Collier Schorr
foilsithe ag Mack, Londain, 2022.
Teanga: Béarla.
Líon na leathanach: 104.
Toisí 10X12 orlach

Caitheann an grianghrafadóir Meiriceánach Collier Schorr go leor ama i ndeisceart na Gearmáine. August an teideal atá ar an leabhar is déanaí uaithi,

Mar Ghiúdach, tagann Schorr ar léargas ar stair na Gearmáine trí ghrianghraif a ghlacadh de gharsúin agus iad ag ligean orthu gur saighdiúirí iad agus grianghraif d’fhíorshaighdiúirí a bhfuil cuma an ógánaigh orthu.

Is breá leis an bpobal aerach saothar Schorr.

An deacracht atá agamsa le grianghraif de shaighdiúirí Gearmánacha ná go raibh m’athair féin sa Wehrmacht. Tá grianghraf de m’athair, Georg Friedrich Rosenstock, ón mbliain 1942 thíos.


An mbainfear leas as an teicneolaíocht chun sinn a thabhairt níos gaire dá chéile agus dár bpláinéad? Nó a mhalairt? Is ceist í sin a chuireann Michael Hauptman air féin, duine a tógadh i dteaghlach a bhí báite i bhfealsúnacht an Oirthir. Briseann an dúchas machnamhach sin trí shúile a cheamara:

Gné tharraingteach dá shaothar is ea an luan beannaithe a chruthaíonn sé thart ar fhíoracha áirithe.

Damiani a d’fhoilsigh an leabhar Of Matter and Time. (€55)

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Saighdiúirí faoi éide'