MIONLÉIRMHEAS: Réabhlóidí i gCathair Mheicsiceo agus rainse in Wyoming

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo: agus rainse oibre ollmhór in Wyoming

MIONLÉIRMHEAS: Réabhlóidí i gCathair Mheicsiceo agus rainse in Wyoming

Tina Modotti
La Fábrica Essentials
Grianghraif le Tina Modotti
Téacs le Christiane Barckhausen-Canale, Remedios Regalado Nogales,
Nieves Rodríguez Méndez.
La Fábrica, Maidrid na Spáinne a d’fhoilsigh, 2022.
Teanga: Spáinnis/ Béarla
96 lch
Toisí: 6½xx½”

Is é atá sa tsraith Essentials ná na grianghrafadóirí is gá dúinn go léir cur amach a bheith againn
orthu. Iodálach agus gníomhaí polaitiúil ab ea Tina Modotti a thug Meicsiceo uirthi féin agus í fós ina
déagóir.

Ní haon ionadh go mbeadh éifeacht ag an ngrianghraf thuas orainn, leanbh á iompar ag máthair,
íomhá bhunúsach atá chomh sean leis an gceo agus a bhaineann le gach sibhialtacht ar domhan.

Lámha oibrí le Tina Modotti

Rainseoirí

Ranchland : Wagonhound
le  Anouk Masson Krantz
Images Publishing a d’fhoilsigh
Clúdach crua
Toisí: 11.02 in x 13.98″
304 lch
ISBN 9781864709124
Luach (i ndollair): $80.00

Ní dóigh liom go mairfinnse lá ar rainse cé gur mheasas, tráth, go mbeinn sa bhaile ann. Níl scannáin faoin Iarthar Fiáin chomh líonmhar inniu is a bhí agus mise ag éirí aníos. Bhíomar go léir inár mbuachaillí bó an uair úd. Ní hionann an scáileán mór agus an saol mór, ar ndóigh.

Rainse oibre ollmhór é Wagonhound in Wyoming – breis is 300,000 acra ann – agus dhírigh an grianghrafadóir Francach, Anouk Masson Krantz, a ceamara ar na tarlúintí go léir ann, ó mhaidin go hoíche. Níl an tIarthar Fiáin marbh go fóill, is léir.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Réabhlóidí i gCathair Mheicsiceo agus rainse in Wyoming'