MIONLÉIRMHEAS: Níl sé ródhéanach an áilleacht a cheangal leis an nGaeilge

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo,   Bean na Foraoise agus an áilleacht aisteach

MIONLÉIRMHEAS: Níl sé ródhéanach an áilleacht a cheangal leis an nGaeilge

Áilleacht aisteach

Strange Beauty
Grianghraif le Erwin Olaf
In eagar ag Roger Diederen, Anja Huber, agus Kunsthalle München.
Téacs le Daniel Hornuff, Anja Huber, Claudia Peppel, Franziska Stöhr, agus Estelle Vallender
Hatje Cantz a d’fhoilsigh 2021
240 lch.
300 léaráid
Toisí: 9½x11¾”

Deirtear faoi ghrianghraif an Dúitsigh Erwin Olaf go meabhróidís stadáin as scannáin duit, agus is fíor é. An stadáin áille iad, áfach? Leathchéad bliain ó shin bhí tuairim choimeádach ag cuid mhaith de mhuintir na hÉireann faoi cad is áilleacht ann. Tá lé nádúrtha ag an duine leis an áilleacht ach uaireanta is gá dúinn ár súile a oscailt i gceart nó traenáil a fháil chuige.

Chabhraigh gluaiseachtaí agus manaí áirithe linn, ar nós Black is Beautiful, chun ár n-aigne a athrú. Is trua nach raibh feachtas ann chun an áilleacht a cheangal leis an nGaeilge; níl sé ródhéanach tabhairt faoi fheachtas dá leithéid.

B’fhiú cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin Olaf.


Bean na Foraoise

Bhíos sa Liotuáin blianta ó shin ag féile filíochta. Tháinig seanbhean amach as an bhforaois agus rug sí barróg theann orm. Bhronn sí féirín orm ansin, rud éigin aisteach a bhí snoite as adhmad aici. Theastaigh uaithi mé a tharraingt léi ar ais san fhoraois. Thángthas i gcabhair orm.

An raibh sé de cheart agam géilleadh di? Bheadh scéal ait le hinsint inniu agam  dá ngéillfinn. Nó b’fhéidir nach mbeadh radharc orm go deo arís.

Chuimhníos, ar chúis éigin, nuair a tháinig an leabhar Tall-Maja i mo threo, ar chlár teilifíse a dhein Liam Ó Muirthile faoi sheanbhean i gCo. an Chláir, an cainteoir deireanach Gaeilge ann. Agus chuimhníos ar amhrán de chuid na mBeatles agus an líne choscrach ann … ‘all the lonely people’.

Tá fáil arís ar an leabhar neamhghnách sin Tall-Maja, ina fhacsamhail.

Grianghraif le Agneta Ekman

Eagrán dátheangach, Sualainnis agus Béarla, 84 lch, 54 léaráid,Toisí:6¾x9¼”).
Bean na Foraoise, bheifeá níos fearr as gan í a fheiceáil in aon chor.

Sealgairí, lucht coille is lucht fiodhghuail a leag súil uirthi, tá aiteas éigin ag baint leo ó shin. Bheadh aiteas éigin ort féin leis tar éis duit praghas an leabhair seo a fheiceáil, $275.00 (eagrán crua).

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Níl sé ródhéanach an áilleacht a cheangal leis an nGaeilge'