MIONLÉIRMHEAS: Níl a fhios aige cad faoi atá a shaothar, agus sin an rud a thaitníonn liom

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar saothair neamhghnácha. An babhta seo, scáthán draíochta i Meiriceá agus saothar nach bhfuil aon mhíniú soiléir air

MIONLÉIRMHEAS: Níl a fhios aige cad faoi atá a shaothar, agus sin an rud a thaitníonn liom

Ní leabhar atá agam sa mhír seo ach rud neamhghnách a dtángthas air i Meiriceá. Ní bheadh a fhios agat cad a bheadh san áiléar ag duine – nó i gcartlanna mhúsaeim an domhain.

Tógaimis Músaem Ealaíne Cincinnati, mar shampla. Sula raibh scátháin ghloine ann in aon chor, d’úsáidtí cré-umha snasta chun íomhá lag a d’fháil díot féin.

Mheas Coimeádaí an Mhúsaeim in Cincinnati gur scáthán cré-umha ón séú haois déag a bhí aimsithe sa chartlann aici.

Nó an bhféadfadh gur ceann éigin de na scátháin dhraíochta sin a bhí ann nach bhfaightear ach go fíorannamh, scáthán a nochtfadh íomhá bheannaithe dá ndíreofaí solas air?

Díríodh solas ar an scáthán cré-umha agus nochtadh íomhá mhisteach den Bhúda, gathanna solais ina slaoda uaidh:

Is seiftiúil an dream iad na Sínigh gan aon agó.


Cargó
Grianghraif le Igor Posner
Foilsithe ag Red Hook Editions, SAM 2022.
160 lch
Toisí: 7¾x9″

Deir Posner gur saothar deich mbliana atá sa leabhar seo, Cargó. Ba cheart go dtuigfeadh sé féin, mar sin, cad faoi atá sé. Níl a fhios aige, áfach, agus sin an rud a thaitníonn liom faoi. Bheadh díomá air, a deir sé, dá dtuigfeadh sé cad atá ann.

Bímid i gcónaí ag iarraidh míniú soiléir a fháil ar rud. Galar na heolaíochta is ea é sin. Ansmacht na bhfíricí. Mistéir na healaíne is ea nach féidir gach aon rud a mhíniú agus sin sin.

Téama ginearálta an leabhair ná an imirce: léim sa duibheagán, lasta cuimhní. Is Rúiseach é Posner as Cathair Pheadair a bhog go California nuair a thit an tAontas Sóivéadach as a chéile.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Níl a fhios aige cad faoi atá a shaothar, agus sin an rud a thaitníonn liom'