Grianghraif le Melina Blauvelt
STANLEY/BARKER a d’fhoilsigh, 2023
104 lch
Toisí: 10½x9½”
Féachaimse ar a lán grianghraf. Cuid acu, fágann siad míshuaimhneach mé. Na híomhánna sa leabhar seo, mar shampla.
Sa bhliain 1972 . . . an cuimhin leat cad a bhí ar siúl agatsa sa bhliain 1972 – má bhí tú ann in aon chor? Sa bhliain 1972, thug Melinda Blauvelt aghaidh ar shráidbhaile Brantville ar chósta thoir Cheanada. Chuaigh sí chun cónaithe ann le hiascaire darbh ainm Ulysse Thibodeau, a bhean agus a dtriúr páistí. Chaithidís an deireadh seachtaine ag iascach maicréal. Thosaigh Melina ag glacadh grianghraf.
D’fhill sí ar an áit trí shamhradh i ndiaidh a chéile. Tá na grianghraif sin i gcló anois den chéad uair riamh agus is díol spéise iad ar go leor slite.
Beatha agus Bás
GOST Books a d’fhoilsigh, Samhain 2023
Luach: €90
224 lch
142 íomhá
Toisí 280 x 360 mm (cruth portráide)
Crua
Sagart ag éisteacht le faoistin saighdiúra.
“Beannaigh mé, a Athair toisc gur pheacaigh mé. Mharaíos scata Víotchongach inné. Maróidh mé scata eile amárach . . .’ An é sin atá á rá ag an saighdiúir? Bhí an cogadh i Vítneam faoi lán seoil agus mise ar scoil. Ní cuimhin liom éinne á rá linn, riamh, gur peaca ab ea an cogadh!
Glacann Don McCullin lena ghairm mar ghrianghrafadóir an-dáiríre. I gcaitheamh na mblianta tá an bhochtaineacht, an gorta agus an chogaíocht péinteáilte go drámatúil aige dúinn lena cheamara. Tugann leabhair agus taispeántais deiseanna dúinn an tírdhreach ina mairimid a scrúdú, agus an tírdhreach as a dtánamar go léir. Mar atá raite go minic agam sna mionléirmheasana seo, easnamh an-mhór ar chatalóga leabhar na Gaeilge is ea an ganntanas ábhar ealaíne, grianghraif san áireamh.
Ma bhí coimhlint ann, bhí McCullinn ann: An Bhangladéis, Biafra, an Liobáin, Tuaisceart Éireann, an Iaráic . . .
Muirshaighdiúirí na Stát Aontaithe, Cath Hue,Vítneam
Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Ma bhí coimhlint ann, bhí Don McCullinn ann lena cheamara'