MIONLÉIRMHEAS: Leathchúpla an Mona Lisa a tháinig amach as na scáileanna

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar saothair neamhghnácha. An babhta seo leathchúpla an Mona Lisa agus ag teacht in inmhe san Airgintín

MIONLÉIRMHEAS: Leathchúpla an Mona Lisa a tháinig amach as na scáileanna

Cé hí seo? An Mona Lisa? Agus cá bhfeicfeá í? Sa Louvre? Ní hí an Mona Lisa í ach leathchúpla léi agus ní sa Louvre atá sí ach sa Museo del Prado, Maidrid.

Faoi smúit a bhí sí leis na cianta agus nuair a glanadh suas í – voilà, nó presto! – fuarthas amach go mba leathchúpla leis an Mona Lisa í. Péinteáladh ag an am céanna iad, sa stiúideo céanna, stiúideo Leonardo da Vinci. Meastar gurb é an dalta ab ansa le Leonardo, Francesco Melzi, a dhein.

Munar staraí ealaíne thú, gach seans nár chuala tú faoi Francesco Melzi. Bhí Sigmund Freud den tuairim nár bhláthaigh éinne de phrintísigh da Vinci i gceart toisc iad a bheith faoi scáil an mháistir an t-am go léir.

Tá an scéal iomlán ar fáil ón Músaem.

Ag teacht in inmhe san Airgintín

The Adventures of Guille and Belinda and The Enigmatic Meaning of Their Dreams
le Alessandra Sanguinetti
foilsithe ag MACK
Toisí: 28 x 28cm,
120 lch
ISBN 978-1-913620-13-4
Luach: €60

Tá draíocht éigin ag baint le teideal an leabhair seo a foilsíodh ar dtús sa bhliain 2010. Díoladh amach an t-eagrán nua ach tá seans againn breathnú ar a bhfuil ann ar YouTube.

Beirt chailíní, col ceathracha, Guille (nó Guillermina) agus Belinda agus iad ag fás aníos faoin tuath san Airgintín. Cuirimid aithne orthu trí cheamara Alessandra Sanguinetti.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Leathchúpla an Mona Lisa a tháinig amach as na scáileanna'