MIONLÉIRMHEAS: Leannáin, Lennons agus luchanna

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, John agus Yoko i Nua-Eabhrac agus ómós don luch

MIONLÉIRMHEAS: Leannáin, Lennons agus luchanna

Dream Lovers: John and Yoko in NYC
The Photographs of Brian HamillBrollach le Alec Baldwin
Foilsithe ag ACC Art Books
Toisí: 250 mm x 186 mm
128 Leathanach
106 grianghraf dubh is bán
ISBN 9781788840972
Luach: £25.00
https://www.accartbooks.com/uk 

Ba bheirt de na lánúineacha ba cháiliúla lena linn iad, John is Yoko. Meastar gur de shliocht Éireannach iad trí cheathrú de mhuintir Learphoill agus níor thaise do na Beatles é.

Nach spéisiúil gurb é atá sa leabhar seo Dream Lovers ná grianghraif de na leannáin cháiliúla sin, John agus Yoko  –  agus gurb é is brí le Lennon ná ‘leannán’. Ba leannáin phaiseanta iad John agus Yoko.

 

THANK YOU, MOUSE!
le Heidi & Hans-Jürgen Koch
Toisí: 24 × 30 cm
96 leathanach
49 fótó
Teangacha: Gearmáinis & Béarla
Clúdach crua
ISBN 978-3-903101-18-0
Luach €39.90

Tá siad an-chosúil linn, de réir dealraimh, agus tar éis an duine ba é an chéad ainmhí ar mapáladh a ghéanóm ná an luch. Ag saothrú léi ar son an duine i saotharlanna an domhain atá an luch, bail ó Dhia uirthi. Táimse ceanúil ar lucha agus níor mhaith liom a shamhlú go bhfuil siad ag fulaingt ar ár son.

Deirtear gur ó Shasana a thagann na lucha a ndéantar tástálacha orthu in ollscoileanna na hÉireann. Luch is ea luch, dar liomsa, agus duine is ea duine agus is cuma liom cad as a dtagann siad.

Má shábhálann lucha sinn – má chruthaítear, abair, go n-oibríonn druga éigin in aghaidh leoicéime, nach ceart dúinn leanúint orainn le tástálacha? Rud amháin is ea leoicéime, rud eile is ea lucha ag fulaingt ar mhaithe le táirgí scéimhe agus Botox.

https://cdn.loeildelaphotographie.com/wp-content/uploads/2020/03/03_036_003_051-29-x540q80.jpg

https://edition.lammerhuber.at/en/books/thank-you-mouse

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Leannáin, Lennons agus luchanna'