MIONLÉIRMHEAS: Iontais na hIndia, an áit is bríomhaire agus is ilghnéithí ar domhan

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, iontais na hIndia agus an tae nach bhfuil láidir..

MIONLÉIRMHEAS: Iontais na hIndia, an áit is bríomhaire agus is ilghnéithí ar domhan

...
Teideal: India
Grianghraif le Harry Gruyaert
Téacs le Jean-Claude Carriere
Thames & Hudson, Londain, a d’fhoilsigh, 2021
Teanga: Béarla
224 leathanach
Toisí: 11¾xx1″
...

Má tá áit ar domhan níos bríomhaire, níos ilghnéithí, níos suimiúla ná an India, níl sé feicthe agamsa. Mura bhfuil an India ar do mhianliosta agat, mholfainn duit í a chur ann.

Is fíor, tá daoine ann nach bhfuil in ann na sluaite a sheasamh, ná an torann, ná na bolaithe, ná an aimsir ná na muiscítí – agus míle rud eile. Tríd is tríd, áfach, tír na n-iontas í an India.

Tá ceithre scór bliain bainte amach ag an ngrianghrafadóir, Harry Gruyaert, ball de Magnum, agus níl sé bréan fós den India. Caitliceach Pléimeannach ab ea a athair agus níor chothaigh sé spéis Harry sa ghrianghrafadóireacht. A mhalairt. Mheas sé gur gairm pheacúil ab ea í. D’éalaigh Harry. Chuaigh sé ag taisteal chun eolas a chur ar an bpeaca!

Ghlac sé roinnt grianghraf in Éirinn sna 80idí. Is mór idir iad agus an t-atmaisféar a fhaightear sna híomhánna ón India.

Ceapann go leor grianghrafadóirí gur parthas atá san India agus an chúis atá leis sin ná na dathanna go léir, dathanna na dtithe, dathanna an bhia –  spíosraí, torthaí agus eile –  dathanna na n-éadaí, dathanna an dúlra: is féasta dathanna é ó mhaidin go hoíche.

 

An tae nach bhfuil láidir ní foláir dó a bheith glic!

Leabhair is mó a bhíonn idir chamáin agam sa tsraith seo ach níl aon teorainn leis an gcruthaitheacht agus d’fhéadfadh duine dua a chaitheamh le leabhar a scríobh (nó a léamh) nach mbeadh leath chomh sásúil le málaí tae de chuid Ruby Silvius.

Níl tae iontu, ar ndóigh, mar is uiscedhathanna a úsáideann Ruby

agus ní fada a mhairfeadh an íomhá sa chupán tae:

Sampla breá den rud ar a dtugtar uaschúrsáil.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Iontais na hIndia, an áit is bríomhaire agus is ilghnéithí ar domhan'