MIONLÉIRMHEAS: Galar marfach na síorchogaíochta

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo leabhar trítheangach faoin gcogaíocht agus leabhar don té gur maith leis fuisce na hAlban

MIONLÉIRMHEAS: Galar marfach na síorchogaíochta

Grianghraf a ghlac an Seirbeach Goran Tomašević (r.1969) sa Chongó.

GORAN TOMAŠEVIĆ
le David Thomson
Jean-François Leroy & Vincent Jolly Alain Mingam
Toisí 29 × 31 cm
444 lch
254 grianghraf
Fraincis, Béarla agus Gearmáinis
Clúdach crua
Meáchan: 4 kg
ISBN 978-3-903101-91-3
Luach: € 59,00

Leabhar trítheangach é seo. Nuair a fheicimse leabhair thrítheangacha, deirim liom féin, conas go bhfuil foilsitheoirí agus léitheoirí na hÉireann chomh tógtha sin leis an aonteangachas. Sea, is seanphort agam é agus is baolach nach mbeidh aon leigheas air sin go ceann i bhfad.

Rud eile nach mbeidh aon leigheas air go ceann i bhfad ná foréigean agus cogadh, téama a ritheann trí leabhar an tSeirbigh thréithigh seo, mar is léir ón gclúdach.

I mí Iúil i mbliana, d’fhógair an Rialtas seo againne an méid seo a leanas (ar eagla nár chuala tú faoi):

Is é atá fógartha ag an Aire Cosanta, Simon Coveney, i ndiaidh an chruinnithe Comh-Aireachta Dé Máirt, gur cheadaigh an rialtas aistriú chuig Leibhéal Uaillmhéine 2(LU2), mar a leagtar amach sa chreat acmhainneachta arna cheapadh ag an gCoimisiúin um Óglaigh na hÉireann.

 Is é a bheidh mar thoradh air seo méadú ar bhuiséad Óglaigh na hÉireann ó €1.1 billiún go €1.5 billiún, i bpraghsanna 2022, faoi 2028, an méadú is mó ar mhaoiniú Óglaigh na hÉireann ó bunaíodh an Stát. Leis seo, beifear in ann an t-athrú ollmhór agus an infheistíocht in earcaíocht agus i dtrealamh atá de dhíth agus a daithin an Coimisiún a dhéanamh . . .

Círéib frith-rialtais sa tSile. (Mí na Nollag, 2019)

Pláinéid Eile!

Is geall le pláinéid eile i leabhar ficsean eolaíochta iad na grianghraif mhealltacha atá sa leabhar seo.

Deirtear nach ionann aon dá chalóg shneachta agus fuair an grianghrafadóir Ernie Button amach nach ionann aon dá iarmhar a fhágtar i mbun gloine fuisce:

Is grianghraif iad seo as leabhar a thabharfá mar bhronntanas do dhuine a dtaitníonn fuisce na hAlban leis. Ainmneacha gaelacha atá ar go leor de na fuiscí sin, gan amhras. Tá cúpla nod anseo duit:

Chronicle Books, San Francisco a d’fhoilsigh, 2022. 160 lch

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Galar marfach na síorchogaíochta'