MIONLÉIRMHEAS: Díoladh ceann de na cannaí caca in Milano ar €275,000

MIONLÉIRMHEAS: Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, saothar aisteach Piero Manzoni agus spléachadh ar na Sasanaigh

MIONLÉIRMHEAS: Díoladh ceann de na cannaí caca in Milano ar €275,000

Ní leabhar atá faoi chaibidil agam inniu ach canna. Is é atá sa saothar ealaíne Merda d’artista ón mbliain 1961 ná canna caca. Chac an t-ealaíontóir Piero Manzoni i gcanna agus dhíol sé na cannaí ansin i ngailearaí.

De phór uasal ab ea Piero. Bhí a athair ina Chunta.  Ba iad na hÍosánaigh a chuir oideachas ar Piero, dála an scéil.

An saothar ealaíne é an canna caca? Cad atá á chur in iúl aige?

Ceist mhaith. Caithfear an cheist a fhreagairt le ceist eile: CANNATHAOBH?

Féachtar ar Merda d’artista mar agóid in aghaidh na sochaí, sochaí  a bhí loite, dar le Manzoni, ag uirbiú, tionsclú agus olltáirgeadh. Nócha canna caca ar fad a dhein sé agus cailleadh de thaom croí é dhá bhliain ina dhiaidh sin.

Cic sa tóin a bhí sna cannaí do mhargadh na healaíne agus do na hinfheisteoirí ealaíne trí chéile. Cic sa tóin don tomhaltachas.

Sa bhliain 2016 díoladh ceann de na cannaí caca in Milano. Praghas: €275,000. 

Spléachadh ar na Sasanaigh

Mura slogfaidh súnamaí é, beidh Sasana mar chomharsa againn go deo na ndeor. Leabhar féinfhoilsithe is ea In-A-Gadda-Da-England

le Edward Thompson a thugann spléachadh dúinn ar ghnáthshaol an tSasanaigh le cúpla bliain anuas, ré an Bhreatimeachta agus náisiúnachas Shasana ag bailiú nirt.

Tá buntáistí áirithe ag baint leis an bhféinfhoilsiú. Is féidir leat an leabhar a chur amach aon uair is mian leat: ní gá duit fanacht sa scuaine. Is tú do bhas féin.

I bhfíseán réamhphoiblíochta dá leabhar, deir Thompson nuair a théann sé amach agus an ceamara ina ghlac aige nach mbíonn a fhios aige cad atá uaidh go n-aithneoidh sé é.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Díoladh ceann de na cannaí caca in Milano ar €275,000'

  • Seosaimhín Ní Bheaglaoich

    Gabriel Rosenstock! Ní bheidh do leithêid arist ann. A thuilleadh seoda uait led thoil.