MIONLÉIRMHEAS: Dialann chathrach agus slios den tsíoraíocht

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, Dacca na Banglaidéise agus ealta druideanna

MIONLÉIRMHEAS: Dialann chathrach agus slios den tsíoraíocht

Dhaka Diary
City Diary #11
Grianghraif le Peter Bialobrzeski
Foilsithe ag The Velvet Cell, Beirlín, An Ghearmáin, 2021
Teanga: Béarla
112 leathanach
Toisí: 5½x8¼”

Is é Dacca, príomhchathair na Banglaidéise, an ceathrú cathair

is dlúithe daonra ar domhan, breis is 21 milliún duine ann. Bheifeá níos tapúla ag eitilt ó Dhubai go Dacca ná taisteal ón aerfort go lár Dhacca, na sráideanna plódaithe le gluaisteáin, rothair, busanna agus ricseánna.

Is leabhar é seo i sraith a bhaineann le cathracha an domhain agus foilsítear dhá imleabhar sa bhliain. Is léir go bhfuil cathracha an domhain ag pléascadh de dheasca “forbartha” agus níl éinne in ann an clog a chur siar. Chuir an phaindéim moill bheag ar an bpléascadh ach nuair a chuirfimid dínn í, pléascfaidh na cathracha tuilleadh.

An féidir dul ar aghaidh go deo mar seo, ag borradh is ag borradh ar nós ollphéiste? An bhfuil sé in am dul siar? Conas? Sin í an cheist.

Ollamh le Grianghrafadóireacht sa Ghearmáin é Bialobrzeski.

 

Slios den tSíoraíocht

Slios den tSíoraíocht a thugann an grianghrafadóir Søren Solkær ar cheann de na feiniméin nádúrtha is iontaí ar fad – ealta druideanna. Black Sun is teideal dá leabhar. Is féidir breathnú ar fhíseán álainn de dhamhsa aerach na ndruideanna anseo agus tá póstaer ar fáil uaidh chomh maith.

Is fiú cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin an ghrianghrafadóra seo.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Dialann chathrach agus slios den tsíoraíocht'