MIONLÉIRMHEAS: Cén fáth nach mbeadh an ealaín gleoite? 

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, saothar éachtach Renoir agus Tír na dTodóg ag imeacht ina gal

MIONLÉIRMHEAS: Cén fáth nach mbeadh an ealaín gleoite? 
Cén fáth nach mbeadh an ealaín gleoite? Tá dothain rudaí míthaitneamhacha sa saol seo.
Renoir a dúirt.
Tá leabhar cuimsitheach 488 lch de shaothar éachtach Renoir eisithe ag Taschen agus is féidir é a cheannach anseo
Is minic an ealaín ina híocshláinte in aghaidh an éadóchais agus an duaircis toisc an ealaín a bheith lán d’élan, mar a deir na Francaigh, is é sin, fuinneamh na beatha. Is fiú airgead maith a chaitheamh ar mhacasamhlú.
Freagraíonn daoine ar bhealaí éagsúla d’ealaín Renoir. I mo chás-sa, is maith liom freagairt dá phortráidí maorga le tanka (dánta 5 líne):
an í an mhuir is baile ceart dúinn
‘bhfuil suaiteacht na mara ionainn
ó aois go haois
                 na laethe madrúla seo, a shearc
                 spéirling atá uainn!

Tír na dTodóg ag imeacht ina gal

Vanishing Cuba

Grianghraif le Michael Chinnici

Teangacha: Spáinnis & Béarla
Red Octopus Publishing, 2022, a d’fhoilsigh

348 lch
300 grianghraf
Toisí: 12x13″
An chomhairle a cuireadh orm agus mé ag siúl trí shráideanna phríomhchathair Chúba: ‘Lean duine de mhuintir na háite. Tuigeann siadsan cad iad na foirgnimh is gá a sheachaint.’ Canathaobh iad a sheachaint? Mar go raibh cuid de na foirgnimh ag titim as a chéile agus b’fhéidir go dtitfeadh níos mó ná plástar anuas ort.
Tá Cúba ag athrú tar éis di a bheith scoite amach ón gcuid eile den domhan ar feadh trí scór bliain. Tá breis agus 20 turas tugtha ag an ngrianghrafadóir Meiriceánach Chinnici ar Chúba, mar sin is treoraí maith é. Má tá Cúba ar liosta agat de na tíortha a gcaithfidh tú a fheiceáil roimh duit slán a rá leis an bpláinéad seo, ná fag ródhéanach é –  agus beir leat an leabhar seo mar chompánach.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Cén fáth nach mbeadh an ealaín gleoite? '