MIONLÉIRMHEAS: Cén ball den chorp ar a raibh an tatú ar mhanaigh Éireannacha fadó?

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, grianghraif ón bPolainn agus leabhar faoi thatúnna

MIONLÉIRMHEAS: Cén ball den chorp ar a raibh an tatú ar mhanaigh Éireannacha fadó?

Teideal: Portrait of the Provinces (Leagan Béarla)
Grianghraif: Jacenty Dędek
Téacs:  Katarzyna Dędek
360 leathanach, clúdach crua, toisí: 24 cm x 30 cm
ISBN: 978-83-915464-2-0

Thug an grianghrafadóir cuairt ar bhreis is 400 baile sa Pholainn a bhfuil daonra faoi 30,000 iontu. Is annamh scéalta ón bPolainn ar na meáin in Éirinn, aisteach go leor, nuair a smaoiníonn tú go bhfuil slua mór Polannach inár measc.

D’fhéachas ar The Legions le déanaí ar Netflix agus an streachailt ar son na saoirse a bhí ar siúl sa Pholainn thart ar an am céanna a raibh Éire ag ullmhú d’Éirí Amach 1916.

Caitlicigh iad breis is 90% de mhuintir na Polainne. Níor éirigh leo an frith-Ghiúdachas a ruaigeadh as an tír go fóill, faraor.

Ní maith liom é nuair a fheicim éinne – go háirithe an t-aos óg – agus siombailí dá gcreideamh ina nglac acu go bagrach buacach: conquistadores ár linne, mar dhea.

An rud a thaitníonn liom faoin leabhar seo ná na haghaidheanna ann, aghaidheanna na n-óg, aghaidheanna na sean:

 

Tatúnna

Bhíodh tatú ar mhanaigh Éireannacha fadó. Cén ball den chorp ar a raibh an tatú? Ar chaipíní na súl. Ach is minic an tatú luaite mar chomhartha an oilc chomh maith, Sa Vita Sanctae Brigitae (Beatha Naomh Bríd) tugtar stigmatibus malignis (comharthaí an oilc) nó signa diabolica (comharthaí an diabhail) ar na tatúnna. (Tá cosc curtha ag an mBíobla ar thatúnna: Léivítíc, 19:28)

Tá leabhar nua againn ó Taschen agus más fríoc tatúnna thú beidh an-spéis agat ann; ach cosnóidh sé €125.00 ort.

Gabhann YouTube leis an leabhar ciclipéideach seo.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Cén ball den chorp ar a raibh an tatú ar mhanaigh Éireannacha fadó?'

  • An Tuathathach

    Níl aon ghá leis an frith-Christíocht! Muna bhfuil an creideamh agat, is cuma sa tsioc liom, ach ní ceart duit a bheith chomh caolaigeanta sin! Ní dhearfá a leithéid i gcoinne an slua Islamach. Mo náire thú!

    Ps: Ní raibh baint ag na Polainnaigh agus na Conquestidores, a chara!