MIONLÉIRMHEAS: Ceacht do scríbhneoirí eaglacha na Gaeilge

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, meascán seánraí agus grianghrafadóir as Baile Átha Cliath

MIONLÉIRMHEAS: Ceacht do scríbhneoirí eaglacha na Gaeilge

D’fhéadfá a rá go bhfuil eagla ar scríbhneoirí na Gaeilge (agus foilsitheoirí na Gaeilge); tá eagla orthu leabhair a chur ar fáil a chuimsíonn níos mó ná seánra amháin. Leabhar filíochta is ea leabhar filíochta, leabhar gearrscéalta is ea leabhar gearrscéalta, úrscéal is ea úrscéal, beathaisnéis is ea beathaisnéis agus mar sin de.

Is dóigh liom go bhfuil cuid den locht ar an gcóras oideachais. Cuireann an córas oideachais gach aon rud i mboscaí: prós is ea prós, filíocht is ea filíocht; ní maith leis an gcóras an dán próis, ná prós fileata mar go n-éalaíonn siad ó na catagóirí aitheanta. Sin an fáth nach bhfuil mórán dánta próis againn.

Dúrtsa uair amháin gurb é Meáchan Rudaí le Liam Ó Muirthile an dán próis is fearr sa Ghaeilge. Ach moladh faoi bhréagriocht ab ea é sin mar is beag dán próis atá ann lánstad!

Leabhar a mheascann seánraí éagsúla is ea Blue Violet le Cig Harvey, foilsithe ag Monacelli (208 leathanach, 9.25 X 11.50 orlach, réamhrá le Jacoba Urist agus dearadh le Jeanette Abbink).

Tá grianghraif anseo, tá dánta, tá líníochtaí, tá oidis, eolas faoi phlandaí . . . níl eagla ar an údar seánraí éagsúla a chleachtadh sa leabhar seo chun an taitneamh a thugann an dúlra a chur in iúl. Tá bláthanna sa leabhar seo ach is mó ná bláthanna iad; is meafair iad chomh maith.

Is bean í Cig Harvey a dhéanann na céadfaí a cheiliúradh. Tá níos mó ná céadfa amháin ag an duine. Cén fáth nach mbeadh níos mó ná seánra amháin in úsáid againn chun na céadfaí a cheiliúradh?

Míníonn Cig féin dúinn ar YouTube an sásamh a bhaineann sí as an ngrianghrafadóireacht, an caidreamh atá aici le dathanna agus go leor eile:

Bleá Cliathach a chuaigh siar

Is beag cur amach a bhí ag an ngrianghrafadóir Baile Átha Cliathach Thomas Fitzgerald ar Iarthar na hÉireann. Le linn na paindéime, shíl sé go raibh sé in am aige dul siar agus eolas a chur ar chuid de Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tá toradh an aistir sin ar a bhlag:

Chuir Boireann an Chláir faoi dhraíocht é.

Táimid féin dall ar chuid mhaith de thírdhreacha na hÉireann toisc go bhfuil na híomhánna céanna feicthe rómhinic againn. Tasc an ghrianghrafadóra ná radharc úr a thabhairt dúinn ar sheanradharc, ar nós Aillte an Mhothair:

Is féidir cuairt a thabhairt ar chartlann an ghrianghrafadóra anseo.

Ní bheinn róthógtha leis an gcur síos scríofa a dhéanann an Gearaltach ina bhlag ach ní féidir locht a fháil ar an gcuid is fearr de na grianghraif ann.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Ceacht do scríbhneoirí eaglacha na Gaeilge'