Grianghraif le Bernhard Fuchs
Foilsithe ag Koenig Books, Londain.
Teanga: Gearmáinis & Béarla
48 lch
41 grianghraf daite
Toisí: 16½x12″
Níl sé éasca teacht ar an leabhar seo mar níor foilsíodh ach 500 cóip de ach theastaigh uaim é a lua sa tsraith seo mar léiriú ar fheiniméan a bhaineann le grianghrafadóireacht: tá ábhar leabhair i ngach rud, sa chás seo gluaisteáin ina stad. Cé a smaoineodh air! Gabhann gach éinne againn thar charranna ina stad gach lá gan aird dá laghad a thabhairt orthu.
Bhíodh Fuchs ag rothaíocht thart agus stadadh sé dá bhfeicfeadh sé carr, trucail, bus nó feithicil ar bith ina stad. Agus é ag machnamh ar an bhfeithicil sin, ba gheall le haisteoir ar stáitse í, dar leis, agus scéal éigin le hinsint aici.
I measc na ‘n-aisteoirí’ sa leabhar breá seo tá Skoda, Opel, Mercedes, Volvo, bus VW agus Ford. Conas a d’éirigh leis an Ostarach seo leabhar draíochta a chruthú as ábhar chomh comónta sin? An fhéachaint mhachnamhach an bua is mó atá aige.
Snas
Grianghraif le Pierre Fatumbi Verger.
In eagar ag Javier Escudero Rodríguez.
Téacs le Alex Baradel, Deborah Willis, Nancy de Souza.
Damiani a d’fhoilsigh san Iodáil, 2022
160 lch
147 grianghraf dubh is bán
Toisí: 9½x12″
Nuair a bhuaileas le foilsitheoir ó Hippocrene Books i Nua-Eabhrac, duine a bhí tar éis
leabhar dánta grá a fhoilsiú, duanaire a bhí curtha in eagar agam dó, dhírigh sé méar ar ghiolla snasta bróg agus ar seisean, ‘Sin é an duine is tábhachtaí i Nua-Eabhrac.’
Bhí snas breá ar bhróga George Blagowidow i gcónaí, duine a theith ó na Naitsithe agus ó na Cumannaithe chun saol nua a bheith aige san Oileán Úr.
Is é atá sa leabhar seo cuntas ar dhaoine a raibh snas ar a mbróga acu agus daoine a raibh an t-ádh leo bróg ar bith a bheith acu nuair a tharla an Spealadh Mór i Meiriceá.
Carraig53@protonmail.com
Stad! For Fuchs séc!