MIONLÉIRMHEAS: Brionglóidí dianghlasála is fir bhréige ealaíonta

FIR BHRÉIGE AN DOMHAIN Is cuimhin liom fir bhréige spéisiúla a fheiceáil le linn m’óige. Beireann an fear bréige, nó an babhdán, greim ar shamhlaíocht an pháiste. Tá rud éigin aerach osnádúrtha ag baint leis. Nach aisteach nár bhac mórán grianghrafadóirí ná péintéirí leo. Is beag íomhá den fhear bréige Éireannach atá feicthe agamsa. Is […]

MIONLÉIRMHEAS: Brionglóidí dianghlasála is fir bhréige ealaíonta

FIR BHRÉIGE AN DOMHAIN

Is cuimhin liom fir bhréige spéisiúla a fheiceáil le linn m’óige. Beireann an fear bréige, nó an babhdán, greim ar shamhlaíocht an pháiste. Tá rud éigin aerach osnádúrtha ag baint leis. Nach aisteach nár bhac mórán grianghrafadóirí ná péintéirí leo. Is beag íomhá den fhear bréige Éireannach atá feicthe agamsa.

Is cinnte go bhfuil slua mór páistí i gcathracha móra na hÉireann nach bhfaca fear bréige riamh, agus nach bhfeicfidh.

 Fir bhréige na hAetóipe, cuir i gcás, is saothar ealaíne iad, ealaín de chuid na ndaoine. Deirtear gur teachtairí iad na fir bhréige sa tír sin. Tugann na feirmeoirí teachtaireacht don fhear bréige; caithfidh sé a rá leis an éanlaith gan dul in aice na mbarr!

Tá breis is dhá chéad leathanach i leabhar Hans Silvester agus níl ach €20 ar an eagrán crua.

Shamhlaíos fear bréige uair amháin nach raibh ach leathlámh leis ag feidhmiú i gceart agus an lámh sin dírithe ar an ngealaigh aige; dhein ealaíontóir ón Rómáin, Ion Codrescu, haiga (pictiúr bunaithe ar haiku) de leagan Béarla den haiku a scríobhas faoi.

BRIONGLÓIDÍ DIANGHLASÁLA

Is é a chuir grianghrafadóir agus údar an leabhair seo roimhe ná brionglóid a insint dúinn agus sinn a thabhairt ar aistear aisteach brionglóideach i ndorchlaí agus i seomraí a thí féin, rud a chruthaíonn gur féidir leabhar a chur le chéile faoi rud ar bith! Cén fáth mar sin ar leabhair atá róchosúil lena chéile iad formhór na leabhar atá sa siopa leabhar is gaire duit? Sin ceist!

Shocraigh Nobel, ar Dúitseach-Chatalónach é, réimse an leabhair seo go beacht agus bhí riail amháin aige nach mbrisfeadh sé: ní raghadh sé lasmuigh dá áitreabh féin. Tá sé sin ar siúl ag an-chuid daoine na laethanta seo, de dheasca na dianghlasála, agus má tá daoine áirithe ag dul as a meabhair (faraor), tá daoine eile ag teacht orthu féin, ag teacht chucu féin, iad sa bhaile leo féin den chéad uair le fada.

Heileo? Heileo? An bhfuil éinne ann? Heileo?!

Ní domhan suaimhneach é domhan seo Nobel, áfach, ach domhan bagrach guagach clástrafóbach osréalach agus nithe ar tí titim as a chéile ann:

Dream Moons
Grianghraif le Yurian Quintanas Nobel
Void a d’fhoilsigh (2021)
96 leathanach
Toisí: 9¼x12″

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Brionglóidí dianghlasála is fir bhréige ealaíonta'