MIONLÉIRMHEAS: Ar nós na Sé Contae seo againne, scanraíonn sí daoine…

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, táimid sa Chóiré Thuaidh agus ar oileáin na Gréige

MIONLÉIRMHEAS: Ar nós na Sé Contae seo againne, scanraíonn sí daoine…

Work Will Set You Free
le Ted Lau (Réamhrá le Yu-Ting Cheng, Aiste le Zahra Amiruddin)
Foilsithe ag Daylight (Bealtaine 2021)
96 lch., 35 grianghraf daite
Luach: $45.00
www.daylightbooks.org

Is é Ko Un, an file Cóiréach, an file is fearr liom thar gach file comhaimseartha ar domhan agus mórthéama ina chuid filíochta is ea deighilt a thíre, téama nach mbacann mórán filí Éireannacha leis.

Ach cad faoin gcuid ó thuaidh? Ar nós na Sé Contae seo againne, scanraíonn an chuid sin den tír daoine áirithe! Fuair grianghrafadóir as Hong Cong, Ted Lau (r.1989) deis chun tamall a chaitheamh ann agus deir sé gur álainn ar fad an tír í agus daoine áille inti gach áit. Ní ag caint ar na polaiteoirí atá sé, ar ndóigh, ach mná, fir is páistí na Cóiré Thuaidh.

Is dócha gur mar sin atá sé i ngach tír, daoine breátha iad formhór na ndaoine. Ar ndóigh, muintir na Cóiré Thuaidh, maireann siad i mboilgeog. Níl aon éalú ón mboilgeog sin. Níl cead taistil acu.

Ó thráth go chéile, tuairiscíonn meáin an Iarthair go bhfuil an tóin ag titim as an tír.

Ba cheart dóibh níos mó ama a chaitheamh agus a dtóin féin a scrúdú.

 

Athènes et ses îles
Grianghraif le Jean Paul Olive
Réamhrá le Nikos Graikos
95 grianghraf
Toisí:29 x 21 cm
128 lch
Luach:€ 29
ISBN: 978-2-919436-45-3
Teangacha: Fraincis agus Béarla

http://imagesplurielles.com/fr/athenes-et-ses-iles-france–livre-61.htm

‘Is iníon Rí Gréige mar chéile leapa agat . . .’ Is fada tagairtí don Ghréig i bhfilíocht agus i seanchas na nGael. Mar sin féin, is ar oileáin na Spáinne seachas ar oileáin na Gréige is mó a bhíonn ár dtriall (nuair a ligtear dúinn dul ar saoire).

Is mó de thionchar na Spáinne ná de thionchar na Gréige atá ar an damhsa Gaelach. ‘Múin dom conas damhsa a dhéanamh!’, líne cháiliúil as an scannán Zorba the Greekón mbliain 1964:

Bheadh sé go hiontach, dar liom, dá mbeadh clasaicigh na scannánaíochta ar fáil sa Ghaeilge. Agus cén fáth nach bhfuil?

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Ar nós na Sé Contae seo againne, scanraíonn sí daoine…'