MIONLÉIRMHEAS: Ár dteanga féin, dáiríre, an rud is mó a dhealaíonn ó dhreamanna eile sinn

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo léargas ar bhlianta Thatcher agus gaois do gach aois ó Adyashanti

Homer SykesColour Works: the 1980s and 90s

...
foilsithe ag Dewi Lewis Publishing
Clúdach crua, 192 leathanach
143 grianghraf daite
Toisí: 290mm x 230mm
Luach: £35.00
...

Tá áthas orm nach raibh orm dul go Sasana nuair ba é an bád bán an t-aon dóchas a bhí ag na mílte Éireannach. Tá áthas orm nach raibh orm cónaí i Sasana le linn ré Thatcher. Ré ab ea í a bhí lán de mhíchothromaíochtaí ach bhí raidhse airgid ag a lán daoine, leis, agus ré órga ab ea í do ghrianghrafadóirí irisí. Duine acu ab ea Homer Sykes. Seo blaiseadh dá shaothar Colour Works: the 1980s and 90s.

Warwickshire: Bál Seilge.

Deireadh an tséasúir. Faoiseamh seal tugtha don sionnach.

Is maith linn a shamhlú nach ionann sinne in aon chor agus ár gcomharsa Shasanach ach, ar ndóigh, ba chuid de chultúr na tíre seo an Bál Seilge chomh maith in an-chuid áiteanna, i measc aicmí áirithe, san áit ar tógadh mé féin, cuir i gcás, Machaire Méith na Mumhan.

Is maith linn a rá linn féin agus le daoine eile go bhfuil cultúr dár gcuid féin againn, go bhfuil meas againn ar an gceol traidisiúnta, ar an scéalaíocht agus ar an bhfilíocht agus nach bhfaighfeá a leithéid sin go deo thall i sean-Sasana.

Ní sa Daingean ná i Mainistir na Féile ná sa Spidéal a tógadh an grianghraf seo thíos, áfach, ach in Laxfield, Suffolk.

The King’s Head, Suffolk.

Tagann feirmeoirí le chéile ann gach Domhnach le haghaidh oíche airneáin: scéalaíocht, seanchas is amhránaíocht, filíocht á haithris.

Caipíní, meileoidean . . . d’fhéadfá a bheith in Éirinn! (Ár dteanga féin, dáiríre, an rud is mó a dhealaíonn ó dhreamanna eile sinn). Ní cheapfá anois é, ach bhí cáil an Phiúratánachais ar an mbaile seo fadó.

Herefordshire. Duine de Shiúracha Bochta San Clár, ord foriata, cros chéasta ar an leaba aici, pictiúr de Chríost ar an doras ar leibhéal na súl nuair a éiríonn sí i lár na hoíche le haghaidh urnaí is machnaimh. Tá an domhan is a mháthair sa leabhar iontach seo.

Baile Nua na hArda, 1981. Lá aicsin ag Dílseoirí.

 


Gaois do gach aois

Is féidir brath ar an iris Parabola chun ábhar machnaimh a thabhairt duit agus chun cuid de na dúcheisteanna is mó sa saol seo a réiteach, nó, míniú éigin a thabhairt orthu ar a laghad ar bith.

In eagrán an earraigh 2021, pléann Adyashanti fadhb an ego. Tá Adyashanti go diail ar fad chun ár n-aird a dhíriú ar an airdeall, ar na focail seo atá á léamh agat, cuir i gcás. (Is Meiriceánach é, dála an scéil).

Cad atá a léamh anseo agat? An bhfuil tú in ann léamh idir na línte? Cad go díreach atá á léamh agat anseo, anois díreach? An iad do chuid smaointe féin atá á léamh agat mar nach bhfuil tú in ann éalú ó phatrún na smaointe sin? An mbíonn aon rud á léamh agat go lánairdeallach?

An t-ábhar de chuid Adyashanti san eagrán reatha den iris Parabola, sliocht is ea é as leabhar nua uaidh The Direct Way: Thirty Practices to Evoke Awakening ón bhfoilsitheoir Sounds True. 

Nuair a thagtar ar an airdeall, tagtar ar an bhFéin – ar ár bhfíornádúr féin, ár  n-eisint. Bhí tú ann sula raibh smaointe agat.

Bhí tú ann sula raibh ego agat. Nár mhaith leat filleadh ar an staid sin? Staid an ghrásta? Tugtar saoirse ar an staid sin.

Deir Adyashanti go bhfeiceann an t-airdeall ach nach bhfeictear an t-airdeall; cloiseann an t-airdeall ach ní chloistear an t-airdeall; tugann an t-airdeall smaointe agus íomhánna na haigne faoi deara, ach ní smaoineamh ná íomhá é an t-airdeall.

Tá go leor eile san eagrán seo ach má thaitníonn an blas beag sin de theagasc Adyashanti leat – má dhúisíonn sé rud éigin ionat – tá scata físeán ar an suíomh aige.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Ár dteanga féin, dáiríre, an rud is mó a dhealaíonn ó dhreamanna eile sinn'

  • Deiric Ó Baoill

    Smaoineamh iontach é ábhar neamhghnách a chur faoinár mbráid – agus níl sárú Ghanriel ann ina bhun. Bál seilge ambaist!