MIONLÉIRMHEAS: An taobh dorcha den tSeapáin agus síocháin idir ainmhithe is daoine

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, an leabhar grianghraf Cherry Blossom agus saothar ina samhlaítear síocháin a bheith idir ainmhithe is daoine

MIONLÉIRMHEAS: An taobh dorcha den tSeapáin agus síocháin idir ainmhithe is daoine

Cherry Blossom
Foilsithe ag Thames & Hudson, Londain, 2022.
144 lch
Toisí: 8x11¼x¾”

Sa mhionscannán poiblíochta a ghabhann leis an leabhar grianghraf Cherry Blossom le Bruce Gilden a fhoilseofar in 2022, tá lámhainní bána á gcaitheamh ag an léitheoir. Seans go mbeadh meas níos mó againn ar leabhair dá mbeadh orainn lámhainní a chaitheamh agus sinn á léamh!

Níl mórán bláthanna silíní sa leabhar seo. Is é seo an taobh dorcha den tSeapáin, taobh nach bhfacas-sa agus mé ann (mar nár chuas á lorg, is dócha).

Duine gan dídean. Is éifeachtaí é grianghraf maith amháin ná scata mór staitisticí

D’fhanas tamall san óstán is lú i dTóiceo, an Sakura, a chiallaíonn bláth silíní – nó bláthanna silíní (níl aon iolra sa tSeapáinis). Is cuimhin liom go maith rialacha an óstáin a léamh agus ceann de na rialacha sin ná cosc ar chlaimhte!

Dia linn is Muire is Gobnait na Cille!

Samhlaigh é!

Samhlaigh é, ní síocháin i measc daoine, mar a chan John Lennon, ach síocháin idir ainmhithe is daoine chomh maith, agus sin atá á shamhlú ag an ngrianghrafadóir Sage Sohier sa leabhar Peaceable Kingdom, foilsithe ag Keher Verlag.

Is cinnte go bhfuil ainmhithe anseo a thaitníonn leat: an bhó, an gadhar, an t-uan, an duine, an gabhar, an madra rua, an mhiúil, an madra uisce, an moncaí . . . Níl?

B’fhéidir go mbraitheann tú dáimh speisialta le hainmhí nó le héan ar leith? An lasairéan? An t-ulchabhán? An chuach? (Is fada ó chuala mé an chuach).  Taitníonn préacháin liom féin.

Muc. Ar dheis

Tháinig Sage ar thearmann muc, muca bochta a raibh drochíde tugtha dóibh nó a d’éalaigh ó fheirmeacha is ó mhonarchana, muca a dúirt, ‘Nílimse chun cur suas leis an gcac seo níos mó!’ Féar plé dóibh.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: An taobh dorcha den tSeapáin agus síocháin idir ainmhithe is daoine'