Grianghraif le Hannah Starkey.
Aiste le Charlotte Cotton.
An grianghrafadóir i gcomhrá le Liz Jobey.
Foilsithe ag Mack, Londain, 2018. 184 lch.,
léaráidí daite, 10x10¾”
Ag plé le híomhá na mban atá Hanney Starkey, arb as Tuaisceart Éireann di, ó lár na 1990idí ar aghaidh. Suite i dtimpeallacht uirbeach is mó atá a cuid grianghraf, bean ag breathnú ar fhrithchaitheamh mná, abair, nó máthair agus í ag breathnú i ndiaidh a linbh, mná de gach glúin atá mar ábhar aici.
Grianghraif le Antoine d’Agata
Foilsitheoir: Studio Vortex, 2020
832 leathanach
Toisí: 6¾x8½”
Luach: €97
Tá an leabhar seo trí thine. Focal eile ar inspioráid is ea ‘tinfidh’ agus ‘tine’ mar fhréamh aige. Níl ionainn ach cuimhne den Ghrian, a dúirt Cézanne, nath a luann Antoine d’Agata sa leabhar seo.
Nuair a thosaigh an phaindéim i bPáras, ghabh Antoine thart sa chathair le ceamara teirmeach agus toradh a chuid fánaíochta is ea an leabhar neamhghnách Virus.
Ghabh sé isteach in ionaid dianchúraim chomh maith agus daoine ag saothrú an bháis iontu. Is iomaí taifead a bheidh againn ar an bpaindéim amach anseo, leabhair ealaíne agus ghrianghrafadóireachta ina measc; braithim go bhfuil a áit féin tuillte cheana féin ag an bhfoilseachán suaithinseach seo.
Gnáthshaoránaigh a fheictear sa leabhar seo agus daoine gan dídean. Má tá aidhmeanna ag an ealaín – má tá feidhm léi – aidhm de na haidhmeanna agus feidhm de na feidhmeanna sin is ea oscailt súl.
Is féidir an leagan Fraincise nó an leagan Béarla a ordú anseo.
Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: An saol trí shúile na mban agus Páras trí thine ag an víreas'