MIONLÉIRMHEAS: An Ghaeilge i lár an aonaigh ag an eite chlé

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, cnuasach ón eite chlé ina bhfuil an Ghaeilge i lár an aonaigh agus saothar a thugann éachtaint dúinn ar an treibh Oglala Lakota

MIONLÉIRMHEAS: An Ghaeilge i lár an aonaigh ag an eite chlé

Is é an Conghaileach, mairtíreach 1916, a dúirt go mbeadh smacht ag Éire shaor ar a cinniúint féin, ón gcéachta go dtí na réaltaí. Is í Jenny Farrell a smaoinigh ar an gcnuasach próis seo ó scríbhneoirí an lucht oibre a chur le chéile; d’éirigh go  maith leis an duanaire filíochta atá mar chompánach leis an leabhar seo, The Children of the Nation, ó na foilsitheoirí céanna, Culture Matters. Is féidir a gcuid leabhar a ordú anseo:

Tá i bhfad níos mó Gaeilge, agus tagairtí don Ghaeilge, sa dá chnuasach sin ná mar atá in an-chuid bailiúchán filíochta agus próis a fhoilsítear in Éirinn. (Is Gearmánach í Jenny, dála an scéil).

Tá stuif an-spéisiúil sa leabhar seo. Mar shampla, nuair a chuir Micheál D. Ó hUigínn cogar i gcluais Thomáis Mhic Shíomóin, á rá go raibh aiféala air go ndeachaigh sé le Páirtí an Lucht Oibre (seachas le Páirtí Cumannach na hÉireann).

Deir Tomás nach raibh trioblóid ar bith ag Tiobraid Árann ag Labhairt nuair a chuireadar isteach ar dheontas ó Bhord na Gaeilge ach gur diúltaíodh d’iarratas ó Bhaile Formaid toisc daoine ar an eite chlé a bheith bainteach leis na ranganna ansin!  (An raibh Baile Formaid i bhformad leis na Tiobraid Árannaigh?)

Cén fáth leabhar den sórt seo a chur amach sa chéad áit? Deir an bhean eagair gurb iad an aicme a rialaíonn an tír a shocraíonn cad is cultúr ann. Arís is arís eile, mheabhraigh na scríbhneoirí di nach raibh taifead déanta sa litríocht ar an saol a bhí caite acusan agus ag baill eile den lucht oibre.

Chuir sé sin ag machnamh mé. Bleá Cliathach ab ea Robert Tressel, ainm cleite Robert Noonan, a scríobh The Ragged-Trousered Phlianthropists, ceann de na húrscéalta is  tábhachtaí i litríocht na heite clé. Ach ní fheictear ar na póstaeir é a cheiliúrann scríbhneoirí móra Bhleá Cliath. Cé a shocraigh go bhfágfaí ar lár é?


Views from the Reservation
John Willis
Foilsithe ag Center for American Places
184 leathanach

Tá lé éigin againne, Gaeil, leis an Meiriceánach Dúchasach, cé go raibh Éireannaigh páirteach ina gcinedhíothú, faraor. Thóg sé tamall ar an Ollamh John Willis aithne a chur ar an treibh Oglala Lakota in South Dakota agus cead a fháil uathu grianghraif a ghlacadh díobh. Tá níos mó ná grianghraif Willis féin sa leabhar seo; tá míreanna againn ón dtreibh féin, mar shampla dánta ó pháistí meánscoile.

Ní drochscéalta ar fad atá ag teacht amach as na háiteanna sin go léir ina gcoinnítear na Meir-Indiaigh. Tá cuid mhaith acu ag iarraidh a gcultúr a chaomhnú agus a neartú. An ionann caomhnú agus neartú, áfach? Sin ceist!

Is fiú breathnú ar shuíomh gréasáin an údair a thugann taifeadadh dúinn ar ghuthanna na treibhe úd atá faoi chaibidil sa leabhar suaithinseach seo.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: An Ghaeilge i lár an aonaigh ag an eite chlé'