MIONLÉIRMHEAS: An féidir labhairt leis na mairbh?

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, moltar saothar de chuid an ghrianghrafadóra Shannon Taggart

MIONLÉIRMHEAS: An féidir labhairt leis na mairbh?

Séance
Fulgur Press, An Ríocht Aontaithe, a d’fhoilsigh, 2019
304 lch., 162 léaráid lándaite, 8 léaráid dubh is bán
Toisí: 11¾x9¾”.
Luach: €57.61

Níl an focal spioradachas (spiritualism) sa chaint in aon chor, an bhfuil? Focal is ea é nach gcloisfeá agus nach bhfeicfeá scríofa ach go fíorannamh sa Ghaeilge.

Seans go samhlaítear leis an gcinsealacht é – nó le Sasanaigh a chaill ógánaigh gan áireamh sa Chéad agus sa Dara Cogadh Domhanda agus fonn ar mháithreacha, nó ar leannáin, dul i dteagmháil leis na mairbh a cailleadh go hóg.

Grianghrafadóir Meiriceánach í Shannon Taggart agus is dócha gur duine againn féin í – nó a sinsir roimpi, dá bhféadfaí dul i dteagmháil leo!

An féidir dul i dteagmháil leis na mairbh? Chaith Shannon ocht mbliana déag ag iarraidh a fháil amach.

Músclaíodh spéis an ghrianghrafadóra sa spioradachas nuair a thug spioradaí (medium) cuntas dá col ceathrair ar bhás a seanathar.

Tá staidéar déanta ag Shannon ar an ábhar seo agus ar an spéis a léirigh daoine éagsúla ann, Abraham Lincoln, cuir i gcás, na heolaithe Pierre agus Marie Curie, an síceolaí Carl Jung, an péintéir Hilma af Kint agus a thuilleadh nach iad.

Dála an scéil, an mbeifeá in ann spioradaí Éireannach ar bith a ainmniú?  Cad faoi Geraldine Cummings (Co. Chorcaí); nó Hesther Dowden (Baile Átha Cliath)? Bhí Hesther i dteagmháil le Oscar Wilde, de réir dealraimh, agus bhí cúpla rud suimiúil le rá ag Wilde léi. Mar shampla, an tuairim a bhí ag Wilde faoi Ulysses de chuid Joyce: ‘heated vomit!’

Tá Réamhrá scríofa ag Dan Ackyroyd, fear Ghostbusters, leis an leabhar agus is féidir é a ordú anseo.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: An féidir labhairt leis na mairbh?'

  • Pól Ó Braoin

    Agus an fhianaise ann le léamh againn féin go raibh Máirtín a chaint leo siúd faoin leac agus gur éirigh leis a gcuid cainte a bhreacadh agus a fhágáil mar uacht againne an taobh seo den talamh sara ndeachaigh sé féin ina measc ar ndóigh… go ndéana Dia grásta air.