MIONLÉIRMHEAS: An bhféadfá grianghraf a ghlacadh den fhóidín mearaí?

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, leabhar suaithinseach grianghraf agus leabhar faoin dá thaobh den Rio Bravo

MIONLÉIRMHEAS: An bhféadfá grianghraf a ghlacadh den fhóidín mearaí?

Extraordinary Experiences
Grianghraif le Morganna Magee
Foilsithe ag Tall Poppy Tree in Melbourne na hAstráile, 2022
64 lch

An fóidín mearaí. An ann dó? Más ann dó agus má tá taithí agat féin ar an mearbhall a leanann é, is dócha go bhféadfá cur síos éigin a dhéanamh air. Ach an bhféadfá grianghraf a ghlacadh de, is é sin den tírdhreach aisteach is tú ar strae ann tar éis duit seasamh ar an bhfóidín? Sin é atá sa leabhar seo!

An cuimhin leat, mar shampla, an chéad uair duit a bheith leat féin i gcoill? An cuimhin leat ainmhí beag nó éinín a fheiscint agus gan a fhios agat an ina chodladh nó marbh a bhí sé? An cuimhin leat an mothú sin?

Nó a bheith i dtírdhreach aitheanta ach go tobann gur bhraith tú coimhthíos éigin: cá bhfuilim? Sin go díreach atá sa leabhar suaithinseach seo.

https://www.morgannamagee.com/extraordinaryexperiences#36

 


Abhainn na Deighilte

Al Rio / To the River
Grianghraif agus Ealaín le Zoe Leonard
Téacs le Ariella Azoulay, C. J. Alvarez, Cecilia Ballí, Darby English, Dolores Dorantes agus Álvaro Enrigue.
In eagar ag Tim Johnson
Hatje Cantz/MUDAM Lucsamburg/ An Bheilg a d’fhoilsigh, 2021
Teanga: Spáinnis & Béarla
592 lch
350 léaráid
Toisí: 9x11″

Grianghraif de chuid Leonard atá sa chéad chuid den leabhar seo agus díolaim scríbhneoireachta atá sa dara leath; na daoine is na réigiúin atá ar dhá thaobh an Rio Bravo (mar a thugtar uirthi i Meicsiceo, nó an Rio Grande i Meiriceá) faoi chaibidil acu, ceantar conspóideach.

Ní foinse uisce amháin í an abhainn seo ach uirlis pholaitiúil agus ba cheart cuid na polaiteoirí a chaitheamh san abhainn chéanna – níor baisteadh i gceart riamh iad.

Tá tuilleadh eolais anseo.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: An bhféadfá grianghraf a ghlacadh den fhóidín mearaí?'