MIONLÉIRMHEAS: Amuigh faoin drochshíon agus foinse na háilleachta

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, leabhar le tumadh ann agus leabhar eisceachtúil grianghrafadóireachta

MIONLÉIRMHEAS: Amuigh faoin drochshíon agus foinse na háilleachta

Ní maith le héinne againn a bheith amuigh faoin drochshíon. Mar sin féin, cad a dhéanfaimis gan an bháisteach?

Go deimhin, baintear úsáid as fuaim na báistí chun daoine a shuaimhniú, chun cabhrú leo agus iad i mbun staidéir agus mar sin de. Éistim féin go minic le babhlaí Tibéadacha agus cúlra báistí leo:

Sluamhaoiniú a d’íoc as an leabhar grianghraf Eaux Fortes le Christophe Jacrot. Leabhar mór is ea é, 40X32 cm agus deir an t-údar gur mhaith leis go dtumfá tú féin ann ar nós folcadh te a ghlacadh (tar éis teacht isteach ón mbáisteach san Íoslainn nó in Albain, tíortha inar fliuchadh go craiceann é).

Foinse na háilleachta is na healaíne

Tá breis is 30 bliain caite ag an údar ag cur ealaín na grianghrafadóireachta chun cinn agus is leis ceann de na gailearaithe is tábhachtaí ar domhan. Le linn na dianghlasála, roghnaigh sé pictiúr in aghaidh an lae agus chuir téacs inspioráideach leis. Thaitin an bailiúchán sin go mór lena lucht leanúna agus roghnaigh Fetterman 120 de na híomhánna ón tsraith laethúil sin don leabhar eisceachtúil seo The Power of Photography.

Páistí ó Éirinn atá sa ghrianghraf thuas, ó 1967. Paul Caponigro a ghlac. Bhí de phribhléid agam bualadh le Paul i dteannta mo chomhghleacaí Ron Rosenstock, duine a d’fhoghlaim go leor ó Paul. Rud suaithinseach a dúirt Paul uair amháin:

‘Níl ach slí amháin chun a rá gur saothar mór é saothar ealaíne áirithe, is é sin a admháil nach le héinne é.’ Tabhair uait é, a dúirt sé, tabhair ar ais é, agus sa tslí sin fógrófar a fhíorfhoinse. Is dóigh liom gur leag sé a mhéar air sa ráiteas sin.

Agus thíos, gréasaithe bróg i Marrakech, Maracó. Grianghraf le Steve McCurry.

Acc Art Books a d’fhoilsigh The Power of Photography. 256 leathanach.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Amuigh faoin drochshíon agus foinse na háilleachta'