MIONLÉIRMHEAS: Amharclannaíocht an ghnáthshaoil – feiceann súil liath saol liath

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo grianghraif ó Nua-Eabhrac agus ó Chúba…

Opera Aperta
Grianghraif le Alex Majoli
Téacs i mBéarla
Foilsithe ag Cesura, Milano, An Iodáil, 2021

Tá daoine áirithe ann agus feiceann siad drámatúlacht éigin i ngach rud. Nach méanar dóibh. (An méanar dóibh?) Agus tá a mhalairt de scéal ag daoine eile: feiceann súil liath saol liath.

Is Iodálach é Majoli atá lonnaithe i Nua-Eabhrac. I measc na n-íomhánna ar a shuíomh Magnum tá radharc coscrach ar eachtra ón bpaindéim:

D’fhéadfá a rá gur cruthaíodh an íomhá thuas chun freagairt don phaindéim. Is féidir an leabhar a cheannach anseo.

 

Comóradh ar Chosmhuintir Chúba

Pónairí caife á ní agus á dtriomú, Santo Domingo, Cúba, Samhain, 2017

CAMPESINO CUBA
Grianghraif le RICHARD SHARUM
Téacs (Spáinnis & Béarla) le Aldo Daniel Naranjo & Domingo Cuza Pedrera
Foilsithe ag GOST

Tá íomhánna den phríomhchathair feicthe againn, na carranna seanré, seanfhoirgnimh ag titim as a chéile,  Ché agus Fidel múrmhaisithe gach áit, mná agus todóga ina ngob agus mar sin de ach is annamh a fheicimid íomhánna de na campesinos, na feirmeoirí beaga agus na hoibrithe faoin tuath ar cnámh droma na tíre iad.

Ní hiad na híomhánna sin a bhfuil taithí ag turasóirí orthu a bhí ó Richard Sharum, fear as teaghlach ileitneach in Corpus Christi, Texas; theastaigh uaidh spléachadh a fháil ar oibrithe in áiteanna iargúlta. Foilseofar breis is 100 grianghraf de chuid Sharum i mí Mheán Fómhair sa leabhar Campesino Cuba.

Seanghineadóir, Sléibhte Sierra Maestra, Márta, 2019

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Amharclannaíocht an ghnáthshaoil – feiceann súil liath saol liath'