Téacsanna le Richard Yeboa agus Roland Ramanan, dán le Ian McMillan
Luach, £35.00, crua
150 lch
104 pláta
Toisí : 240mm x 210mm
ISBN: 978-1-916915-06-0
Deartha ag Victoria Forrest / VIKA Books
Foilsithe ag Dewi Lewis Publishing
Níl Hackney rófhada ó éinne againn in Éirinn ach d’fhéadfadh sé a bheith ar an taobh eile den domhan. Ní raibh a fhios agamsa, mar shampla, go n-imrítear dúradáin ann os comhair an tsaoil mhóir:
Thart ar 2012, thosaigh an grianghrafadóir Roland Ramanan ag glacadh grianghraf in Gillet Square, ceantar in Hackney a raibh athnuachan uirbeach ar siúl ann.
Chuir sé aithne ar phobal na cearnóige sa tslí sin. Chuimil sé dá ndóchas, dá n-aislingí, dá n-andúil is dá n-éadóchas. Ligeann sé don phictiúr féin a scéal féin a insint.
Is é Dominoes an chéad leabhar uaidh agus is corraitheach é an físeán gairid (thuas) a chuir sé le chéile chun réamhphoiblíocht a fháil dá thionscadal.
Féach amach an fhuinneog
Tá dallóga ar fáil ar fud an domhain, i dtithe príobháideacha agus in oifigí. Chuir comhlacht Úcránach HoleRoll dallóga rolláin ar fáil a d’oirfeadh do sheomra leapa nó do bhialann, cuir i gcás.
Tá dallóga pollta acu a léiríonn an spéir istoíche chomh maith le tithe spéire cáiliúla.
JP
Dráma ann féin ‘sea pictiúr na ndúradán.