MIONLÉIRMHEAS: ‘Ag fálróid thart a bhím agus m’aigne folamh agam’ 

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo almanag lán de bhlúirí eolais agus grianghraif ón mBrasaíl

Faoi Anáil na nAnnála

Teideal: Annals of the North
Grianghrafadóir: Gilles Peress
Téacs le Chris Klatell. Ábhar breise le Pauline Vermare.
Steidl, Gottingen, a d’fhoilsigh sa Ghearmáin
904 leathanach
233 léaráid
Toisí: x10¼”

Is é mo thaithíse – agus níl a fhios agam an é do thaithíse é nó nach ea – nach bhfuil mórán daoine sásta tagairt do na Trioblóidí, ar eagla dá luafaí iad go mbeidís sa mhullach orainn arís; ní hé go rabhadar sa mhullach ar mhórán againn, dáiríre. Sheachain móramh phobal an deiscirt iad.

Almanag é an leabhar seo, é lán de bhlúirí eolais de gach saghas.

https://www.youtube.com/watch?v=CwDHCCrg1V0

Is dócha go bhféadfá pobal na hÉireann a roinnt ina dhá leath inniu, iad siúd a shíleann go bhfuil greann san amhrán polaitiúil Both Sides agus an dream a shíleann go bhfuil sé róghar don chnámh.

Nár lige Dia go dtarlódh an sléacht sin arís! Nach bhfuil ár ndóthain trioblóidí againn gan na Trioblóidí a bheith chugainn athuair.

 

Ag imeacht leis is a aigne folamh

Teideal: Maximum Shadow – Minimal Light
Grianghrafadóir: Gustavo Minas
Toisí: 17 x 23,5 cm
192 leathanach
95 grianghraf
Teangacha: Portaingéilis, Béarla
Clúdach crua
ISBN 978-3-903101-47-0
Luach: €49.90

Rugadh Minas in Cássia na Brasaíle sa bhliain 1981 agus dhein staidéar ar an iriseoireacht agus ar an ngrianghrafadóireacht. Is duine de na grianghrafadóirí sráide is fearr ar domhan é.

Sa tóir ar an ngile – agus ar scáileanna – a bhíonn sé i gcathracha na Brasaíle agus é ag suirí leo faoi mar ba chailín nua ina shaol é gach radharc os a chomhair.

Is maith liom an dearcadh atá aige ar an saol: ‘Ag fálróid thart a bhím agus m’aigne folamh agam.’

Is fiú go mór tamall a chaitheamh le catalóg na bhfoilsitheoirí Ostaracha, Edition Lammerhuber:

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: ‘Ag fálróid thart a bhím agus m’aigne folamh agam’ '