Mionleasú nó dhó a theastaíonn ar chóras nua na hiomána

Tríd is tríd, d’éirigh go hiontach leis an gcóras nua san iomáint cé nach mbeidh contaetha áirithe róbhuíoch de…

Mionleasú nó dhó a theastaíonn ar chóras nua na hiomána

Bhuel, táimid ag druidim le deireadh an séú mí den bhliain agus tá an séasúr críochnaithe do cheithre cinn de mhórchontaetha na hiomána, agus iad anois ábalta a gcuid craobhacha iomána a rith gan aon bhriseadh.

Bhí chuid mhaith scríofa agus ráite faoi chomh deacair is a bheadh sé teacht slán as comórtas na Mumhan Bhí an ceart acu. Bhí an comórtas thar barr.

Sarar buaileadh aon sliotar sa chraobh chuir sé ionadh orm go raibh mórán de na saineolaithe ar aon fhocal go mbeadh Port Láirge ar cheann de na foirne nach gcáileodh don chéad bhabhta eile. Ní rabhthas ar aon intinn faoi cén contae eile go dteipfeadh orthu, ach ní raibh aon duine ag súil gurbh iad na Tiobraid Árannaigh a bheadh á ndíbirt leis na Déise.

Thosaigh rudaí ag titim as a chéile do Thiobraid Árann ag tosach an dara leath de chluiche ceannais na sraithe. Ansin ina gcéad chluiche craoibhe thug Luimneach greadadh agus ceacht iomána dóibh.

Bhíodar fíorbhocht freisin sa chéad leath dá gcluichí i gcoinne Chorcaí agus i gcoinne Phort Láirge. Ba é an dara leath sna cluichí céanna a thug dóchas éigin dá lucht leanúna. Ach ní raibh mórán de lucht leanta na gcamán a cheap go mbeadh séasúr na dTiobraid Árannach thart i lár mhí an Mheithimh agus gan an féar sábháilte fós. 

Maidir le Port Láirge is féidir a rá nár léirigh déithe na hiomána mórán ceana ar na Déise. Ceithre chluiche i ndiaidh a chéile as baile gan aon sos a bhí acu, gan trácht ar ghortuithe agus cinntí conspóideacha. An tseachtain seo, d’fhógair Derek McGrath, mar a gheall sé ag tosach an tséasúir, go raibh sé ag éirí as. Fuair sé ardmholadh ó na himreoirí.

Níor chuala mé an oiread sin molta ar aon bhainisteoir riamh. Bhí an oiread sin measa ag na himreoirí air. Ar na meáin chuir sé féin in iúl mar fhear lách, oilte, tomhaiste dea-bhéasach.

Thug sé cúig shéasúr ag obair ar son na cúise agus, i mo thuairimse, tá an ceart aige imeacht agus i bhfad níos mó ama a chaitheamh lena mhuintir féin. Rinne sé a dhícheall. Chuir sé a chroí agus a anam sa phost. Ach tá a chuid déanta anois aige agus a gcuid déanta ag iománaithe Phort Láirge do 2018 freisin. Tá cuid maith imreoirí óga cumasacha acu agus beidh an contae láidir go leor arís in 2019.

Dar ndóigh tá séasúr Bhaile Átha Cliath críochnaithe le cúpla seachtain anuas agus dul chun cinn déanta ag an bhfoireann. Bhí chuid maith den mhí-ádh orthu freisin, go háirithe sa chéad chluiche nuair a bhí greim scornaí acu ar Chill Chainnigh nó gur scaoil siad leo ar deireadh. Ach tríd is tríd thaispeánadar go bhfuil mianach iontu agus iad sásta an t-ullmhúchán gairmiúil is gá a dhéanamh. 

Níor chuala mé éinne ag rá ag tosach na bliana go mbeadh seans ag Uíbh Fhailí fanacht sa phríomhroinn in 2019. Mura ndeintear athrú ar an gcóras (agus seans go ndéanfar) beidh siad ag imirt i gcomórtas McDonagh. Tá píosa maith le dul acu sara mbeidh siad maith go leor chun dúshlán na bhfoirne is fearr sa tír a thabhairt. 

Na contaetha seo ar fad, is fada an t-achar ama atá rompu ag féachaint ar an gcraobh ón taobh amuigh.

Ar an iomlán, bhí an comórtas thar barr go dtí seo, cluiche iontach i ndiaidh cluiche iontach againn agus cúrsaí sa dá chúige idir dhá ceann na meá go dtí an Domhnach deireanach. 

Ní theastaíonn ach mionleasú nó dhó maidir leis an sceideal imeartha agus b’fhéidir gur cheart sé chontae a bheith sa dá grúpa agus (dia ár réiteach) na foirne a mheascadh agus gan bacadh le comórtais na gcúigí a thuilleadh. Is dócha gur ceist í sin do bhliain éigin eile.

Tá cuid mhaith cluichí móra amach romhainn fós.

Fág freagra ar 'Mionleasú nó dhó a theastaíonn ar chóras nua na hiomána'