Míol Mór curtha ar Thrá Mhachaire Rabhartaigh an athuair

Cuireadh an chaisealóid a tháinig i dtír ar Thrá Mhachaire Rabhartaigh an tseachtain seo caite ach d’éirigh arís Dé Sathairn. Tá sé curtha faoin ngaineamh an athuair ag Comhairle Chontae Dhún na nGall. Tuairisc le Maitiú Ó Coimín agus Seosaimhín Ní Ghallachóir i Machaire Rabhartaigh

Clúdach

Tháinig míol mór den chineál ‘caisealóid’ i dtír ar Thrá Mhachaire Rabhartaigh i nGaeltacht Dhún na nGall Dé Máirt seo caite agus é marbh. Cartadh poll sa ghaineamh agus cuireadh an míol mór ann Dé Céadaoin ach d’éirigh an corp aníos tríd an ngaineamh arís Dé Sathairn mar gheall ar an ngás a bhí ag éalú uaidh agus tionchar na taoide. Cuireadh arís inné é níos faide suas an trá thar shnáth na mara.

Bhí an míol mór 44 troithe ar fad agus bhí tuairim is 45 tonna ann.

Tá an caisealóid ar cheann de na hainmhithe mara is mó ar domhan ach tá líon na míolta móra tite ó beagnach dhá mhilliún sa bhliain 1970 go thart ar 300,000 anois.

Mhínigh Garret Doherty ó Ghrúpa Míolta Móra agus Deilfeanna Dhún na nGall do Tuairisc.ie gur míol mór sách óg a bhí ann ach nach raibh a fhios ag aon duine cén chaoi a bhfuair sé bás toisc nach ndearnadh scrúdú iarbháis air.

Alt

Dúirt sé gur fadhb mhór i bhfarraigí an domhain é an truailliú agus go bhfuil an fhadhb sin ag dul in olcas le blianta beaga anuas. Tá mórghuairneáin, nó oileán mór bruscair, ar snámh i lár na farraige móire agus is rímhinic a itheann an míolta móra go leor leor ábhar plaisteach nuair a shnámhann siad thar na mórghuairneáin seo. Is í an mháthair shúigh an bia is coitianta a bhíonn ag an gcaisealóid agus dá bharr sin ní féidir leo an t-ábhar plaisteach a bhriseadh síos.

“Tháinig ceann acu i dtír sa Ghearmáin agus bhí 10kg d’ábhar plaisteach ina bholg aige. Is dóichí gur mar gheall orainne atá an t-ainmhí seo ar an trá seo, ach ní féidir linn a bheith cinnte gan scrúdú iarbháis,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.

Dúirt Doherty go mba cheart go mbeadh sé mar pholasaí ag an gComhairle Contae scrúduithe iarbháis a dhéanamh ar gach míol mór a thagann i dtír ar chósta Thír Chonaill go mbeidh tuiscint níos fearr ar an bhfadhb againn agus pleananna a chur i bhfeidhm le dul i ngleic leis.

Táthar ag súil nach dtiocfaidh na tonnta os cionn an mhíl mhóir seo go ceann cúpla seachtaine nuair a bheidh an rabharta ann. Faoin am sin, a dúirt Doherty, bheifí ag súil go mbeadh an corp leabaithe go maith sa ghaineamh agus nach dtiocfaidh sé aníos arís.

Fág freagra ar 'Míol Mór curtha ar Thrá Mhachaire Rabhartaigh an athuair'