Míniú tugtha ag RnaG ar chraoladh fógraí Béarla agus beifear ag fáil réidh leo ‘chomh luath agus is féidir’

Deir RTÉ Raidió na Gaeltachta gur athrú ar chóras idirlín RTÉ is cúis le fógraí Béarla do leithéidí Guinness, Electric Ireland, KBC Bank agus Fairy Liquid a bheith á gcraoladh ar sheinnteoir ar líne RnaG

Míniú tugtha ag RnaG ar chraoladh fógraí Béarla agus beifear ag fáil réidh leo ‘chomh luath agus is féidir’

Tá sé deimhnithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta gur fadhb theicniúil seachas athrú polasaí is cúis le fógraí Béarla a bheith á gcraoladh ar líne ar chláir an stáisiúin, agus beifear ag fáil réidh leis na fógraí sin “chomh luath agus is féidir”.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo ar maidin go mbíonn fógraí Béarla 20 soicind le cloisteáil roimh na cláir agus na míreanna as na cláir ar sheinnteoir shuíomh idirlín an stáisiúin Ghaeilge, atá ina chuid de shuíomh RTÉ.

I ráiteas a chuir lucht an stáisiúin ar fáil do Tuairisc.ie, tugadh le fios gur athrú ar chóras idirlín RTÉ is cúis le craoladh na  bhfógraí Béarla do leithéidí Guinness, Electric Ireland, KBC Bank agus Fairy Liquid a bheith á gcraoladh ar sheinnteoir ar líne RnaG.

“Déanadh roinnt leasaithe ar shuíomh idirlín raidió RTÉ le deireanas nuair a déanadh uasghrádú ar an gcóras. Mar thoradh ar sin, cuireadh amach roinnt fógraí nach raibh pleanáilte ar chuid de na srutháin raidió ó RTÉ Raidió na Gaeltachta.  Cuirfear é seo ina cheart chomh luath agus is féidir,” a dúradh sa ráiteas ó RnaG ar maidin.

De réir rialacha seanbhunaithe an stáisiúin, ní cheadaítear aon Bhéarla ná aon fhógraí tráchtála a chraoladh.

Fág freagra ar 'Míniú tugtha ag RnaG ar chraoladh fógraí Béarla agus beifear ag fáil réidh leo ‘chomh luath agus is féidir’'

  • Concubhar

    Nach fearr i bhfad a bheadh sé do RnaG glacadh leis an bhfógraí agus an t-airgead a ghabhann leo ar mhaithe le breis forbartha a dhéanamh ar sceideal an staisiún ná diultú scun scan d’fhógraí?

  • Seanán Ó Coistín

    Ba chóir go mbeadh fógraí tráchtála i nGaeilge ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Gineadh sé airgead don stáisiún agus cruthódh sé fostaíocht do lucht déanta fógraí Gaeilge. Tá sé séafóideach nach gceadaítear fógraí tráchtála ar bith.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Cad chuighe nach bhfuil fógraí Gaeilge ar na stáisiúin Béarla?

    Seo arís neamhaird déanta ag teicneoirí gan Ghaeilg de chuid RTÉ agus gan meas dá laghad acu ar an Ghaeilg nó ní chuireann siad aon cheist fá aitheantas a thabhairt don Ghaeilg – mar is gnáth le státsheirbhísí na tíre seo…