Míniú á lorg faoi chinneadh maidir le seirbhís aeir go dtí Oileáin Árann

Caithfear an cinneadh conradh ceithre bliana a bhronnadh ar an gcomhlacht Executive Helicopters chun seirbhís aeir go hÁrainn a sholáthar a mhíniú don phobal, dar leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh

Screen Shot 2015-08-26 at 17.42.56

Ba chóir d’Aire Stáit na Gaeltachta míniú a thabhairt don phobal faoin gcinneadh conradh ceithre bliana a bhronnadh ar an gcomhlacht Executive Helicopters chun seirbhís aeir go dtí Oileáin Árann a sholáthar, dar leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, inné gurb iad Executive Helicopters Limited atá roghnaithe le seirbhís aeir a chur ar fáil do mhuintir Oileáin Árann agus cuirfidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta conradh i gcrích leis an gcomhlacht tar éis an 9 Meán Fómhair.

Is ag an gcomhlacht Aer Arann a bhí an conradh roimhe seo.

Ba í an Oifig um Sholáthar Rialtais a stiúir an próiseas soláthar poiblí a reáchtáladh chun tairiscintí a fháil don tseirbhís aeir. Faoin gconradh nua, cuirfear eitiltí fillte laethúla ar fáil ar héileacaptair idir na hoileáin agus Aerfort na Gaillimhe don tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2015 go dtí an 30 Meán Fómhair 2019.

Trevor_Ó_Clochartaigh_2013
An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ó Shinn Féin go raibh muintir na n-oileán “thar a bheith imníoch” faoin gcinneadh a fógraíodh inné.

“Tá go leor ceisteanna acu maidir leis an bpróiseas a bhain leis na tairiscintí agus an mheastóireacht a rinneadh ar na hiarratais agus caithfidh an tAire Joe McHugh soiléiriú a thabhairt air sin.

“Ba chóir go gcuirfí eolas ar fáil láithreach maidir leis na hiarratais a cuireadh isteach, an córas marcála a bhí i bhfeidhm agus na torthaí a thángthas air. Tá sé deacair a thuiscint cén buntáiste breise atá ann do lucht úsáidte na seirbhíse as an socrú nua seo, ná cén tairbhe atá ann don cháiniocóir agus ba mhaith liom míniú ón Aire ina leith sin chomh maith.”

Dúirt an Seanadóir go mbeadh sé “dochreidte” más fíor gur deineadh an cinneadh maidir leis an gconradh gan labhairt leo siúd is mó a bhaineann úsáid as an tseirbhís, muintir na n-oileán.

“Ba chóir go n-inseofaí cé a bhí ar an bpainéal meastóireachta agus cén taithí a bhí acu maidir le aerseirbhís chuig oileáin a rith. Ar sheas aon duine acu in Árainn le linn an phróisis…?” a d’fhiafraigh an Seanadóir.

Tá Ó Clochartaigh ag iarraidh chomh maith go dtabharfaí soiléiriú maidir le cad atá i ndán d’aerfort na Minna agus na n-oileán. Más Aerfort na Gaillimhe a bheidh á úsáid don tseirbhís feasta, chaithfí, a dúirt sé, a chruthú go bhfuil a leithéid indéanta.

“Tá dhá scór post i mbaol anseo agus seirbhís 45 bliain d’ardchaighdeán tugtha ag Aer Árainn do phobal na n-oileáin. Ní féidir sin ar fad a chaitheamh sna fataí lofa ag an bpointe seo mura bhfuil muid iomlán cinnte go mbeidh seirbhís níos fearr agus níos tairbhí le theacht ina áit agus níl sé soiléir ar chor ar bith gurb amhlaidh atá,” a dúirt an Seanadóir ó Shinn Féin.

Fág freagra ar 'Míniú á lorg faoi chinneadh maidir le seirbhís aeir go dtí Oileáin Árann'