1,000,000 ‘amharc leathanaigh’ bainte amach ag Tuairisc.ie

Ón 9 Deireadh Fómhair 2014, thug 135,000 duine nach mór 380,000 cuairt ar Tuairisc.ie agus d’amharc na daoine sin ar 1,000,000 leathanach san iomlán

1,000,000
LÉARÁID: Tuairisc.ie/CÓS

Bhain Tuairisc.ie milliún ‘amharc leathanaigh’ amach tráthnóna inniu.

Thug beagnach 135,000 duine (úsáideoir uathúil) nach mór 380,000 cuairt ar Tuairisc.ie ó seoladh i bhfómhar na bliana seo caite é, agus d’amharc na daoine sin ar mhilliún leathanach san iomlán.

Dúirt Ciarán Ó Súilleabháin, Bainisteoir an tsuímh nuachta, gur “spreagadh mór d’fhoireann bheag Tuairisc.ie” é go raibh “pobal dílís léitheoirí” aimsithe ag an an tseirbhís in imeacht ocht mí.

“Is léir go bhfuilimid ag dul i bhfeidhm ar an spriocmhargadh atá againn, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus táimid fíorbhuíoch de gach éinne a chuireann spéis san obair atá ar siúl againn,” a dúirt Ó Súilleabháin.

Thug sé le fios chomh maith go mbeadh forbairtí breise á ndéanamh ar an suíomh sa tréimhse amach romhainn agus go mbeadh aip Tuairisc.ie á seoladh as seo go ceann cúpla mí.

Foireann 2
Cruinniú eagarthóireachta in oifig Tuairisc.ie

Tá conradh ceithre bliana ag an gcomhlacht Tuairisc Bheo Teoranta le Foras na Gaeilge le seirbhís nuachta a chur ar fáil do phobal na teanga.

Dúirt Eagarthóir Tuairisc.ie, Seán Tadhg Ó Gairbhí, go raibh súil aige go mbeifí ag cur le líon na léitheoirí a thugann cuairt ar an suíomh sna blianta amach romhainn ach go raibh “bunchloch láidir ann le tógaint uirthi”.

“Ní beag an méid é milliún amharc leathanaigh i dtréimhse ocht mí do sheirbhís nuachta i dteanga mhionlaithe ar nós na teanga s’againne.

“Is é an rud is mó a thugann sásamh dúinn ná go bhfuil sé le maíomh againn gan aon áibhéil go bhfuil i bhfad Éireann níos mó Gaeilge á léamh anois ná mar a bhí sarar tháinig ann do Tuairisc.ie,” a dúirt Ó Gairbhí.

Dúirt sé go raibh foireann agus lucht bainistíochta na seirbhíse nuachta an-bhuíoch de na hiriseoirí eile ar fad a chuireann ábhar ar ardchaighdeán ar fáil don suíomh.

Tá na figiúirí is déanaí maidir le líon na ndaoine a bhaineann úsáid as Tuairisc.ie bunaithe ar Google Analytics, an uirlis is mó a mbaintear leas as chun trácht ar shuíomhanna idirlín a mheas.

Fág freagra ar '1,000,000 ‘amharc leathanaigh’ bainte amach ag Tuairisc.ie'

  • criostóir ó maonaigh

    Comhghairdeas le muintir TUAIRISC. Go fada buan sibh!

    Criostóir Ó Maonaigh
    Melbourne, An Astráil

  • Seán Tadhg Ó Gairbhí

    Go raibh maith agat, a Chriostóir, a chara.

  • Páid Ó Donnchú

    Fad is atá an Phoenix in aice lámha Mhaitiú agus an Times brúite uaidh mar atá sa ghriangraf, tá seans eicínt agaibh.