Ar lá a raibh go leor ag moladh crógacht an Chéad-Aire Michelle O’Neill as a páirt i searmanas Dhomhnach na bPoipíní bhí tuilleadh á hionsaí mar ‘fhealltóir’ agus nocht pobalbhreith nua go ndearna scannail Shinn Féin faoi shábháilteacht na n-óg dochar di.
Bhí an focal ‘traitor’ ar bhratach a crochadh ar oifig toghcheantair an Chéad-Aire i dTír Eoghain Dé Luain. Tháinig sé sin sna sála ar litir a foilsíodh an tseachtain seo caite ó na scórtha de ghaolta le daoine ar mharaigh gníomhairí nó fórsaí an stáit iad. Cáineadh go géar sa litir O’Neill as a bheith toilteanach ómós a thaispeáint d’fhórsaí na corónach.
Athrú stairiúil ar pholasaí Shinn Féin ab ea é; go dtí seo leag ionadaithe bláthfhleasc labhrais roimh an bpríomhshearmanas ach leag Michelle O’Neill coróin labhrais mar chuid de na deasghnátha oifigiúla. Mar chomhlíonadh ar a geallúint go mbeadh sí ina céad-aire do gach duine a rinne sí é, a dúirt sí, is í ag admháil gur chéim í nach sásódh gach duine.
I gcruthúnas ar chomh híogair is atá an cheist bhí daoine ón dá thraidisiún míshásta. Cé gur chinn idir aontachtaithe agus náisiúnaithe gur chor suntasach é agus gur mhisniúil an mhaise di é a dhéanamh, mhaígh roinnt aontachtach nach le dea-thoil a rinne sí é. Bhí ionadaí ón TUV as láthair mar agóid in aghaidh O’Neill a bheith páirteach. In Inis Ceithleann chuir cuid de ghaolta na ndaoine a maraíodh in ionsaí an IRA ar Dhomhnach na bPoipíní 1987 in aghaidh chuireadh an British Legion don chéad-aire freastal ar an searmanas ansin. Dhéanfaidís baghcat dá mbeadh sí ann, a dúradh. B’in é an fáth gur fhreastail an chéad-aire agus an leaschéad-aire ar an searmanas i mBéal Feirste.
Neosfaidh an aimsir an nglacfar leis an gcéim shuntasach sin mar ghnáthchleachtas feasta. Bhí leasuachtarán Shinn Féin fós ag déileáil le ceisteanna faoi imeachtaí an Domhnaigh nuair a d’fhoilsigh an Belfast Telegraph an phobalbhreith is deireanaí sa tsraith séasúrach ó Lucid Talk. Ní dea-scéal a bhí ann di.
Tá rabhadh ag chuile dhuine faoi phobalbhreitheanna i bhfianaise oiread míchruinnis is a bhain leis na suirbhéanna i Meiriceá roimh thoghchán na huachtaránachta. Arbh iad na modhanna suirbhéireachta a bhí easnamhach nó an léamh ar na torthaí nó cumasc díobh? Ar deineadh dearmad ar na lamhálacha earráide?
Dhá phointe. Is é +/- 2.3% an lamháil earráide sa suirbhé seo agus tá dea-cháil ar phobalbhreitheanna Lucid Talk as a gcruinneas.
Bhí an titim ar ráta sástachta Michelle O’Neill i bhfad níos mó ná an lamháil
earráide. Bhí sí ar thús cadhnaíochta go dtí seo ach nuair a bailíodh na tuairimí don suirbhé idir 1- 4 Samhain bhí a tacaíocht tite ó 53% go 41% agus í sa chúigiú háit i measc na gceannairí. Bhí Claire Hanna, ceannaire nua an SDLP, sa chéad áit le 54%, méadú 15% ar ráta a réamhtheachtaí, Colum Eastwood.
Díol suntais é cúlú an chéad-aire. I measc aontachtaithe agus lucht Alliance a bhí an titim is mó ar a cuid tacaíochta, ach laghdú 10 bpointe céatadáin a bhí i gceist i measc náisiúnaithe. Tá daoine ar buile, is léir, faoi mhíbhainistíocht Shinn Féin ar scannail faoi shábháilteacht na n-óg. Ídíodh an mhuinín i Michelle O’Neill ó dúirt sí nach bhfaca sí a hiar-phreasoifigeach Michael McMonagle os a comhair amach ag ócáid in Stormont. Bhí McMonagle briste as an bpáirtí toisc go rabhthas á fhiosrú i dtaca le cionta gnéis ach é ag freastal ar imeacht in Stormont mar phreasoifigeach le carthanacht a chuidíonn le daoine goilliúnacha.
Tá téarma príosúin gearrtha ar McMonagle anois mar phéidifileach agus bhí na cionta admhaithe aige faoin am ar tháinig ról Shinn Féin chun solais. Fuarthas amach gur thug beirt phreasoifigeach ó Shinn Féin teistiméireachtaí dó don phost leis an gcarthanacht. D’éirigh an bheirt as an obair agus as an bpáirtí agus go ciotach cosantach a láimhseáil Sinn Féin ceisteanna dlisteanacha faoina gcur chuige. Géaraíodh ar an amhras faoi rialachas Shinn Féin nuair a tháinig sé chun solais freisin gur cheil an páirtí eolas maidir le himeacht Niall Uí Dhonnghaile as Seanad Éireann, é briste as a ról ar chúla téarmaí ach Mary Lou McDonald á mholadh go poiblí.
Cé gur léirigh an phobalbhreith laghdú ar thacaíocht Mary Lou McDonald agus Michelle O’Neill, díol suntais ab ea é gur ar éigean a d’athraigh an ráta sástachta leis an pháirtí abhus. Thit siad 1% ach ag 29% tá siad 10 bpointe chun tosaigh ar an dara páirtí, an DUP.
Fág freagra ar 'Michelle O’Neill lagaithe ach a páirtí seasmhach'