MICHEÁL Ó MUIRCHEARTAIGH @ 90: Comhghairdeas agus go mba fada buan tú a sheanchara

Agus Micheál Ó Muircheartaigh ag ceiliúradh nócha bliain, deir ár gcolúnaí gur líofacht chainte, soilíos, suairceas agus cineáltas a thuilleann gnaoi an phobail dó pé áit sa domhan a mbíonn sé

MICHEÁL Ó MUIRCHEARTAIGH @ 90: Comhghairdeas agus go mba fada buan tú a sheanchara

Paisean an tráchtaire spóirt don obair atá idir lámha aige a chruthaíonn an nasc idir iad agus a lucht éisteachta nó lucht féachana. Líofacht chainte agus máistreacht ar an teanga a thuilleann gnaoi. Is iad na tréithe sin a fhágann Micheál Ó Muircheartaigh chun cinn ar aon chraoltóir a thug faoin gceard riamh.

Ach lena chois sin tá suairceas agus cineáltas faoi leith ag baint leis an bhfear a thugann tú faoi deara an nóiméad a chasann sé ort den chéad uair. In imeacht dhá scór bliain níl ócáid a raibh mé ina chuideachta nach raibh scuaine daoine ag iarraidh a lámh a chroitheadh, pictiúir a ghlacadh leis agus dreas beag comhrá a dhéanamh. Ag fágáil pháirc na himeartha is mó a tharlaíonn sin tráth a mb’fhéidir nach raibh greim curtha ina bhéal ag Micheál le ocht n-uaire an chloig roimhe sin.

Gan teip bíonn sé soilíosach.

Go fiú iad siúd nach bhfaca ceann amháin féin de na cluichí Gaelacha riamh, bíonn siadsan freisin meallta ag a phearsantacht agus ag a ghothaí.

Chomh fada le mo bharúil is í an Afraic an t-aon cheann de na hilchríocha nár thaistil muid le chéile chucu go dtí seo – agus mar a déarfadh sé féin “nílimid críochnaithe go fóill”. Iontu siúd ar fad bhí na daoine nár chuala trácht riamh air chomh tógtha leis an bhfear agus a bhíonn na sluaite lasmuigh de Pháirc an Chrócaigh nó ar Chearnóg na Saoirse i nDurlas Éile.

Tá sé dhá bhliain déag ó shin ó d’fhág mé ar bharr cnoic é maidin in áit a bhfuil Rodborough Common air in Gloucestershire Shasana. Bhí Rásaí Cheltenham curtha ar athló de bharr gála, ach mo léan bhí comhartha beag a dúirt go raibh cúrsa gailf gar den áit a raibh muid curtha fúinn tugtha faoi deara ag an Muircheartach – an liathróid bheag bhán an ceann is ansa leis i ndiaidh an tsliotair agus na peile. Ní raibh bataí, bríste ná bróga ag ceachtar againn agus go deimhin ba chulaith éadaigh agus carbhat a bhí á gcaitheamh ag Micheál.

D’fhág mé ann é mar go raibh cúraimí eile ormsa agus ar m’fhilleadh dom cúpla uair an chloig ina dhiaidh cá raibh fáil air ach suite i measc ochtar nó deichniúr de na baill agus 9 bpoll imeartha aige ina gcomhluadar – bróga tugtha ag duine dó, bataí ag duine eile agus geansaí an chumainn nua glan as an bpíosa bronnta ar an té seo nach bhfaca siad riamh gur shiúil sé isteach an doras.

I gcéad línte an leabhair From Dún Síon to Croke Park a foilsíodh in 2004, deir Micheál, “I was born on 20 August, at home in Dún Síon, Dingle, Co. Kerry. The late Princess Margaret was born on the same day – at home as well I presume, though I never met her to confirm the coincidence. I did interview her nephew Prince Edward for RTE Radio Sport years later, but we were too taken up with greyhound conversation to digress into the area of his famous aunt’s birth.”

Lomchlár na fírinne.

Ní hamháin sin ach rud nár dhúirt Micheál sa leabhar, nach bhfuair aon duine ach é féin deis labhartha leis an bPrionsa cé go raibh meáin Shasana ag gabháilt ar an doras taobh amuigh. Níor luaigh sé ach an oiread gur dhúirt Edward go mbeadh míle fáilte roimh an Muircheartach é féin a chur faoi agallamh arís uair ar bith a mba rogha sin leis.

Meallann pearsantacht Mhichíl fiú iad siúd a mbeadh a ndearcadh ag teacht glan salach ar a mhianta féin.

Taca an ama seo díreach i 1989 chaith mé féin agus é féin cúpla lá i gcontae Aontroma agus iománaithe an chontae ag réiteach do Chluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann – ar a lá breithe a thug muid faoin aistear.

Saol corrach a bhí sa Tuaisceart ag an am – faoi bhealach chuala muid gur scrios buama ina raibh 1,000 punt d’ábhar pléascach foirgnimh na hArd-Chúirte i mBéal Feirste, ach bhí muide sábháilte go leor i mBaile an Chaistil, áit ar chuir Muintir Uí Dhonnghaile, a raibh triúr acu ag imirt, chuile chóir orainn.

Ar a mbealach abhaile shroicheamar an Baile Meánach, áit a raibh cáil an tseicteachais riamh air agus fiú ag an am sin a mbíodh glas ar gheataí na bpáirceanna spraoi poiblí ar an Domhnach.

Chuir an Muircheartach ina chloigeann é gur mhaith leis agallamh a chur ar Mhéara an bhaile, rud a shocraigh Maeve Kyle, lúthchleasaí cáiliúil na háite a bhí san iomaíocht ag trí cinn de Chluichí Oilimpeacha.

Díol imní ann féin ab ea ainm agus páirtí an mhéara – Sandy Spence DUP – agus ba bheag de shocracht a fuair muid as a raibh de shreanga deilgneacha agus de charranna armúrtha timpeall halla an bhaile nuair a bhain muid sin amach.

Luadh ‘The Lord’s Day’ minic go leor sna freagraí ar na ceisteanna a chuir an Muircheartach faoin seans a bhí ann go dtiocfadh an méara go Páirc an Chrócaigh nó an mbreathnódh sé ar an gcluiche ar an teilifís.

D’éalaigh an méara freisin ón gceist an gcuirfí fáilte oifigiúil abhaile roimhe an bhfoireann dá mbeadh an lá leo, ach dúirt go dearfa leis an agallóir, bídís buacach nó caillteach, go mbeadh fáilte agus fiche roimhe féin am ar bith.

“Where I come from we call that, Fáilte Uí Cheallaigh” a deir Micheál. Breac eile san eangach.

Comhghairdeas agus go mba fada buan tú a sheanchara.

Fág freagra ar 'MICHEÁL Ó MUIRCHEARTAIGH @ 90: Comhghairdeas agus go mba fada buan tú a sheanchara'

  • Traolach Ó Sioradáin

    Comhghairdeas. Go maire tú an céad.