Micheál Martin – róchúramach le gníomh dána a dhéanamh?

An mbeidh muid ag sleamhnú linn i dtreo Leibhéal 4 agus 5 de na srianta seachas dul díreach chuig Leibhéal 5 anois, mar a bhí molta?

Micheál Martin – róchúramach le gníomh dána a dhéanamh?

Fear cúramach é Micheál Martin, ár dTaoiseach. Ón uair gur ceapadh ina Aire an chéad lá riamh é cuireadh ina leith gur fear é atá cúramach agus róchúramach. Seachas a chinneadh faoi chosc a chur ar chaitheamh tobac sa láthair oibre, cuirtear ina leith go raibh sé doicheallach dul sa seans.

Ceapadh é ina Aire Oideachais i 1997 agus cé go ndeir an anailís ar fad a bhaineann lena thréimhse sa Roinn gur chuir sé roinnt beartas suntasach i bhfeidhm amhail athbhreithniú ar churaclam na mbunscoileanna agus staidéar faoi bhunú chóras na gcúntóirí riachtanas speisialta, is beag caint a dhéantar faoina leithéid.

Ina dhiaidh sin, tugadh an Aireacht Sláinte dó nó Angóla mar a thug an fear ar tháinig sé i gcomharbacht air ar an Roinn. Le linn a thréimhse sa Roinn Sláinte bhunaigh sé Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus chuir sé deireadh leis na boird sláinte réigiúnacha. Ní mó ná sásta a bhí polaiteoirí leis an mbeartas sin agus ar deireadh cinneadh fóraim réigiúnacha shláinte a chur ar bun lena chinntiú go mbeadh ról i gcónaí ag polaiteoirí sa gcóras sláinte. Bhí sé i gceist go mbeadh córas sláinte níos éifeachtaí ann mar thoradh ar bhunú an HSE. An amhlaidh a tharla? Níl againn ach breathnú ar an ngéarchéim reatha le freagra na ceiste sin a fháil.

Léargas eile ar chlaonadh an Taoisigh a bheith cúramach agus coimeádach is ea an bealach ar láimhseáil sé tuarascáil Bhinse Fiosraithe Mahon. Cé gur éirigh Bertie Ahern as mar cheannaire ar Fhianna Fáil agus mar Thaoiseach in 2008 mar thoradh ar an mbrú a bhí ag teacht air ón mbinse faoina chuid gnóthaí airgeadais pearsanta, thóg sé ceithre bliana ar Fhianna Fáil gníomhú. Nuair a foilsíodh an tuarascáil deiridh ón mbinse i Márta 2012 cuireadh rún os comhair fheidhmeannas náisiúnta Fhianna Fáil le Bertie Ahern a chaitheamh amach as an bpáirtí. D’éirigh Ahern as sula bhfuair an ceannaire Micheál Martin agus ardchomhairle an pháirtí deis é a dhíbirt.

Tá na scórtha athbhreithniú agus iniúchadh geallta sa gclár rialtais, ina measc ceann ar struchtúr Bhord Údarás na Gaeltachta. An bealach é seo le cinntí a chur ar an méar fhada? An moilleadóireacht atá i gceist seachas cur chuige cuimsitheach?

Conspóid na seachtaine seo faoi mholtaí NPHET, an mbaineann sí le fostaíocht agus gnóthaí a choinneáil slán agus gan an iomarca fiacha breise a charnadh nó an doicheall atá orthu céim chomh cinniúnach leis an gceann a bhí beartaithe ag NPHET ag an deireadh seachtaine a chur i gcrích?

An comhartha sóirt é de mhodh oibre a bhíonn níos gafa le bheith cúramach ná le beart a dhéanamh? An mbeidh muid ag sleamhnú linn i dtreo Leibhéal 4 agus 5 de na srianta seachas dul díreach chuig 5 anois, mar a bhí molta?

Tá gníomh ag teastáil dar leis na húdaráis sláinte. An bhfuil sé in am droim láimhe a thabhairt leis an gclaonadh sin a bheith cúramach agus beart a dhéanamh?

Fág freagra ar 'Micheál Martin – róchúramach le gníomh dána a dhéanamh?'