Micheál Martin le toghadh ina Thaoiseach agus comhrialtas nua le bunú ar lá stairiúil

Athrú stairiúil i scéal na hÉireann a bheidh i mbunú an chomhrialtais inniu, athrú a fhágfaidh go mbeidh deargnaimhde na polaitíochta, Fianna Fáil agus Fine Gael, i rialtas le chéile

Micheál Martin le toghadh ina Thaoiseach agus comhrialtas nua le bunú ar lá stairiúil

Toghfar ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin mar Thaoiseach na hÉireann ar maidin ag suí iomlán den Dáil san Ionad Comhdhála ar Dhuga Spencer i mBaile Átha Cliath.

Fógraíodh aréir go raibh glactha ag cosmhuintir Fhianna Fáil, Fhine Gael agus an Chomhaontais Ghlais leis an gclár rialtais a d’aontaigh ceannairí na bpáirtithe.

Dúirt Micheál Martin aréir go mbeadh dúshláin mhóra le sárú ag an Rialtas nua ach go raibh “deis mhaith ann” ann chomh maith.

Tráthnóna a cheapfar airí an rialtais nua, 140 lá ón olltoghchán.

Athrú stairiúil i scéal na hÉireann a bheidh i mbunú an chomhrialtais inniu a fhágfaidh go mbeidh deargnaimhde na polaitíochta, Fianna Fáil agus Fine Gael, i rialtas le chéile beagnach céad bliain i ndiaidh an Chogaidh Chathartha as ar eascair an dá pháirtí.

Beidh sé ar an dara huair ag an gComhaontas Glas a bheith mar chuid de rialtais.

Ní féidir seisiún Dála ag a mbeadh gach Teachta Dála i láthair a reáchtáil i dTeach Laighean inniu de bharr go gcaithfear cloí leis an scoitheadh sóisialta.

San Ionad Comhdhála ag 10.30 ar maidin a chuirfear tús leis an seisiún agus beidh cúig nóiméad cainte an duine ag moltóir agus cuiditheoir gach duine a bheidh ainmnithe do phost an Taoisigh.

Beidh deich nóiméad cainte ansin ag gach páirtí nó grúpa nár ainmnigh aon duine do phost an Taoisigh.

Cuirfear ar vóta na hiarrthóirí agus tabharfaidh an Ceann Comhairle cuireadh do Mhicheál Martin ráiteas gearr a dhéanamh.

Cuirfear an Teach ar athló ansin le deis a thabhairt do Martin séala a oifige nua a fháil ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn in Áras an Uachtaráin. Meastar gur thart ar 12.30 a bheidh an searmanas sin san Áras.

Cé a bheidh ina aire Gaeltachta má éiríonn leis an margadh rialtais?

Agus séala a oifige aige, tabharfaidh Micheál Martin aghaidh ar a oifig nua i dTithe an Rialtais agus ceapfaidh sé a chuid airí. Beidh ceapadh seisear airí ag Fianna Fáil, seisear ag Fine Gael agus triúr ag an gComhaontas Glas. Leo Varadkar a ainmneoidh airí Fhine Gael agus Éamon Ryan airí a pháirtí féin.

Ceaptar gur thart ar a 4.30 pm a thiocfaidh an Dáil i gceann a chéile arís san Ionad Comhdhála ionas go dtabharfar beannacht na Dála do na hairí nua a bheith ainmnithe.

Beidh 10o nóiméad ansin ann le deis chainte a thabhairt maidir leis na hainmniúcháin.

10 nóiméad an duine a bheidh ag an Taoiseach agus na ceannairí eile lena gcuid cainte a dhéanamh.

Tá Conradh na Gaeilge agus daoine eile ag súil go mbeidh aire sinsearach ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta den chéad ó 2011.

Fág freagra ar 'Micheál Martin le toghadh ina Thaoiseach agus comhrialtas nua le bunú ar lá stairiúil'