Micheál Mac Gréil – laoch agus cara na mílte ar lár

Tá an socheolaí aitheanta, an taighdeoir agus an fear feachtais ar son an chirt shóisialta agus ar son na Gaeilge, an tAthair Micheál Mac Gréil, ar shlí na fírinne in aois a 91 bliain  

Micheál Mac Gréil – laoch agus cara na mílte ar lár

Tá laoch ar lár.

Bhí sé de phribhléid agam go raibh aithne agam ar Mhicheál Mac Gréil le os cionn leathchéad bliain. Fear ildánach, suimiúil a bhí ann agus is iomaí cúis a raibh baint aige léi mar fhear feachtais agus mar shocheolaí.  Fear misniúil a bhí ann freisin agus bhí misneach aige go dtí an deireadh.

Ní raibh leisce air ariamh dul in aghaidh an tsrutha agus is minic ar nós an bhradáin gur bhain sé amach ceann scríbe ina ainneoin sin.

Sheas sé i gcónaí leo siúd a bhí leochaileach nó ar an imeall agus sheas sé i gcónaí in aghaidh an leithcheala agus na héagóra, agus chuir sé ar a súile do mhuintir na hÉireann ina chuid taighde socheolaíochta ceannródaíoch an dearcadh claonta a bhí ag daoine sa tír seo i leith mórán grúpaí.

I gCluain na Slí i gContae Laoise a rugadh Micheál Mac Gréil i 1931 ach in aice le Cathair na Mart i gContae Mhaigh Eo a d’fhás sé aníos agus ansin a fuair sé a chuid scolaíochta ó na Bráithre Críostaí. I 1950 chuaigh sé mar oifigeach leis na Fórsaí Cosanta agus chaith sé naoi mbliana leo. Ansin a chinn sé tabhairt faoin staidéar mar ábhar sagairt le hOrd na nÍosánach.

Agus é i mbun an staidéir sin chaith sé tamall i gColáiste na nGael i Leuven na Beilge, tamall in Ollscoil Kent State in Ohio Mheiriceá agus in ionad léinn na nÍosánach i bPáirc Bhaile an Mhuilinn i mBaile Átha Cliath. Oirníodh ina shagart in ord na nÍosánach é i 1969 agus lean sé lena chuid staidéir sa gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath mar ar thuill sé dochtúireacht sa tSocheolaíocht.

Ag léachtóireacht sa tSocheolaíocht in Ollscoil Mhá Nuad a bhí sé i 1971 nuair a rinne sé trí shuirbhé cheannródaíocha ar an gclaontacht agus an chaoinfhulaingt sa tír seo, taighde a foilsíodh i 1978 ina leabhar tábhachtach Prejudice And Tolerance in Ireland, leabhar ar ar bronnadh duais chuimhneacháin Christopher Ewart-Biggs.

Sa mbliain 2007 a foilsíodh a thuarascáil ‘The Irish Language and the Irish People’, inar léiríodh go raibh leibhéal ard tacaíochta d’athbheochan agus caomhnú na Gaeilge le fáil ó dhaoine a d’fhreagair an suirbhé, iad siúd a rugadh anseo in Éirinn agus daoine nár rugadh sa tír. Ar ndóigh ba é an tAthair Mac Gréil ba bhun leis an eagraíocht Feachtas do dhaoine óga le deis a thabhairt dóibh Gaeilge a labhairt lena gcairde ag imeachtaí sóisialta is spraoi.

In 2010 a foilsíodh The Emancipation of the Travelling People inar áitigh Micheál Mac Gréil go raibh an leithcheal a bhíothas a dhéanamh ar an lucht taistil ar cheann de “na húdair náire ba mhó ag an stát seo ó fuair sé a neamhspleáchas 86 bliain roimhe sin”.

Ba mhinic an tAthair Mac Gréil ag labhairt faoin ngá a bhí leis an gcóras pionósach sa tír seo a leasú agus ba mhór aige freisin díchoiriúlú an homaighnéasachais.

Ar ndóigh ag deireadh agus thar aon rud ba é a chreideamh a thiomáin agus a threoraigh gach rud eile ina shaol. Bhí an tsagartóireacht an-tábhachtach dó. Chreid sé go mór go bhfuil saol eile ann tar éis an chinn seo agus is cuimhneach liom go maith an sólás a thugadh sé ag sochraidí agus é i mbun seanmóra faoi gcéad saol eile.  Mhíníodh sé i gcónaí nach raibh sa gcónra ach taisí agus go raibh an duine cheana féin i saol na síoraíochta.

Ar ndóigh bhí luí mór aige leis an gcreideamh traidisiúnta agus is sin a thug air tabhairt faoi athbheochan a dhéanamh ar oilithreacht Mhám Éan in aice an Mháma i gConamara.  Ba as ceantar an Mháma dá mháthair agus ceangal dlúth aige le muintir na háite.  Is iontach mar a tharraing sé daoine ó chian agus ó chóngar le teacht ann ar na hoilithreachtaí éagsúla gach bliain, Aoine an Chéasta, Domhnach Chrom Dubh agus Lá’l Pádraig.  Go deimhin féin nuair a thug mé cuairt air roimh an Nollaig san ospidéal i gCaisleán an Bharraigh dúirt sé liom gur theastaigh uaidh go mbeadh oilithreacht bhuíochais ann mar gur tháinig sé slán ón gcéad bhabhta tinnis a bhuail é.

Bheadh sé cuí go n-eagrófaí é seo am éigin le go bhféadfadh a chairde oilithreacht chuimhneacháin a dhéanamh go dtí an áit ba ansa leis mar a bhfuil dealbh álainn Chliodhna Cussen de Naomh Pádraig.

Is i gConradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ba thúisce a chas mé leis ag deireadh na seascaidí nó tús na seachtóidí.  Ni raibh sé i bhfad ina shagart an t-am sin agus chuaigh a dhíograis agus a fhuinneamh i bhfeidhm go mór orm ag an am. Rud eile a chuaigh i bhfeidhm orm an t-am sin ná a chumas cainte agus an chaoi go dtiocfadh sé i bhfeidhm ort maidir le cúiseanna éagsúla a raibh spéis aige iontu.  Ba é a mhúscail mo spéis an chéad uair i cás an Lucht Siúil in Éirinn agus i saibhreas a gcultúr agus an droch-chaoi a chaitear leo sa tsochaí.

Nuair a bhog mé go Dúiche Sheoigheach bhíodh muid ag casadh ar a chéile go minic agus is minic a tháinig sé ar cuairt go dtí an teach.  Thaitin sé thar cionn, ní hamháin liom féin agus Áine, ach lenár gclann freisin.  Bhíodh comhráití spéisiúla acu leis ar ábhair éagsúla a raibh spéis acu iontu.

Ar ndóigh bhí gean ar leith aige don iarthar agus go mórmhór dá chontae dúchais – Maigh Eo. Is ann a chaith sé an chuid is mó de na blianta deiridh dá shaol agus is iomaí feachtas a raibh baint aige leis agus is iomaí páipéar a scríobh sé ag cur cás an iarthair ar aghaidh.

Murach é, ní dóigh liom go mbeadh an feachtas ann leis an mbóthar iarainn ó Chúil Mhuine i Sligeach go Luimneach a athoscailt. Aisteach go leor, fiú leis sin thug sé féin an chreidiúint do ‘Box Car Willie’ a bhí ag canadh i Maigh Eo ag an am agus a chuir tuairisc faoin bhfeachtas a bhí ar bun acu.

Nuair a chuala sé go raibh an feachtas ag iarraidh an t-iarnród a shábháil chuir sé an chomhairle orthu gan ligean do na húdaráis na ráillí a bhaint aníos. Ghlac Mícheál agus an coiste leis an treoir agus níor baineadh aníos ariamh iad.  Le cúnamh Dé is gearr go dtógfar cinneadh an dara cuid de a athoscailt.

Níl deireadh go deo leis na cuimhní atá agam air, óna chairdeas le Bina McLoughlin agus an cúnamh a thug sé dom nuair a bhásaigh sí go dtí an cuireadh fial a thug sé dom an réamhrá a scríobh in 2011 don ollsaothar taighde le Iolrachas agus Éagsúlacht in Éirinn.

Beidh tuilleadh le rá agam faoi seo arís.

Tá cara na mílte duine ar lár.  Aireoidh muid uainn é.

Ba mhaith liom féin, Áine agus an chlann comhbhrón ó chroí a dhéanamh le muintir an Athar Mícheál Mac Gréil agus chomh maith le sin le hOrd na nÍosánach as a mbris.

Ar dheis lámh Dé go raibh sé.

Fág freagra ar 'Micheál Mac Gréil – laoch agus cara na mílte ar lár'

  • Micheal Mac Aonghusa

    Ardfhear a bhí ann amach is amach. Agus is breá liom an cuntas seo air. Chuir mé féin aithne air i gConradh na Gaeilge sula raibh sé ina shagart fiú agus bhí an comhrá deiridh agam leis cúpla bliain ó shin ag cruinniú den Labour History Society, ceann eile dá iliomad spéiseanna.

  • Pádraig O'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a Anam dílis.