Micheál D Ó hUigínn tofa athuair ina Uachtarán ar Éirinn agus bua mór aige

Toghadh an naoú Uachtarán ar Éirinn athuair ar an gcéad chomhaireamh agus % de vótaí céadrogha aige

Micheál D Ó hUigínn tofa athuair ina Uachtarán ar Éirinn agus bua mór aige

Tá Micheál D Ó hUigínn tofa athuair ina Uachtarán ar Éirinn i ndiaidh an chéad chomhairimh agus 822,566 vóta faighte aige.

Bua mór a bhí ann don naoú huachtarán a tháinig sa chéad áit i ngach toghcheantar sa tír agus é i bhfad chun tosaigh ar an bhfear gnó Peter Casey, a tháinig sa dara háit.

1,473,900 vóta bailí a bhí ann agus ba é 736,951 an cuóta.


Micheál D Ó hUigínn- 822,566

Peter Casey- 342,727

Sean Gallagher: 94,5144

Liadh Ní Riada- 93,987

Gavin Duffy: 32,198

Joan Freeman: 87,908


Is cinnte gur údar sásaimh a bheidh ann d’eagraíochtaí teanga go bhfuil Ó hUigínn ag filleadh ar Áras an Uachtaráin don dara téarma seacht mbliana, agus rinne Conradh na Gaeilge comhghairdeachas tráthnóna leis an Uachtarán a bhfuil ráitis láidre déanta aige faoi chás na Gaeilge agus na Gaeltachta le seacht mbliana anuas.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn go raibh Ó hUigínn “an-láidir” ó thaobh na Gaeilge, gur chuir sé an Ghaeilge “chun tosaigh” ina uachtaránacht le seacht mbliana anuas agus go raibh an eagraíocht ag “súil go mór” le bheith “ag obair leis arís ar son na teanga” sna blianta amach romhainn.

Bhí líon na ndaoine a chaith vóta inné níos ísle ná mar a bhí in aon toghchán uachtaránachta roimhe seo agus níor vótáil ach 43.7% den 3.2 milliún duine a bhí cláraithe, i gcomparáid le 55% in 2011 agus 45% i 1997, an líon ab ísle roimhe seo.

Ach tháinig méadú mór ar an gcéatadán vótaí céadrogha a fuair Ó hUigínn le hais 2011 nuair a bhí 39.6% aige. Ba é an céatadán is ísle vótaí a fuair an tUachtarán inné ná an 38.1% a fuair sé i nDún na Gall agus bhí os cionn 50% aige i bhformhór mór na dtoghcheantar.

Oiread na fríde a bhí idir céatadán vótaí céadrogha Uí Uigínn 56% agus an 56.3% de vótaí céadrogha a fuair Éamon De Valera nuair a fuair sé an ceann is fearr ar Sheán Mac Eoin i 1959, an céatadán is mó vótaí céadrogha i dtoghchán uachtaránachta riamh.

Seachas bua Uí Uigínn, a raibh súil leis le fada, ba é scéal mór an toghcháin ná an borradh mór a tháinig faoi vóta Peter Casey i dtreo dheireadh an fheachtais, i ndiaidh dó ráitis chonspóideacha a dhéanamh faoin lucht siúil agus faoin gcóras leasa sóisialaigh.

Cé gur mhaígh Casey inniu nach raibh baint ag an scéal sin leis an vóta mór a fuair sé, thiar sa séú háit sna pobalbhreitheanna agus gan aige ach 1-2% a bhí sé sular tharraing sé aird an phobail agus na meáin air féin leis na ráitis sin.

Is fearr a d’éirigh le Casey i measc na bhfear, i gceantar tuaithe agus i measc lucht tacaíochta Fhianna Fáil.

Dúirt Casey inniu gur “frustrachas” an phobail ba chúis leis an rath a bhí ar a fheachtas agus go ndéanfadh sé ráiteas an tseachtain seo chugainn faoina mhianta ó thaobh na polaitíochta amach anseo.

Údar díomá a bheidh sa toradh do Shinn Féin agus a n-iarrthóir as an nGaeltacht, Liadh Ní Riada.

Dúirt iaruachtarán an pháirtí Gerry Adams tráthnóna gur léir gur shíl cuid mhór den phobal “nár bhain an toghchán leo” agus gur theip ar Shinn Féin a lucht tacaíochta a ghríosadh chun vótála. Dúirt sé go gcaithfeadh an páirtí “féachaint ar an méid a tharla” agus go raibh “ceisteanna le cur” faoin toghchán.

Seachas an t-ardú tobann a tháinig ar an tacaíocht a fuair Peter Casey, níor éirigh le haon duine de na hiarrthóirí eile dul i bhfeidhm ar an bpobal le linn feachtas a síleadh a bheith patuar go maith. Bhí an céatadán de vótaí céadrogha a bhí ag Casey níos airde ná an t-iomlán a bhí ag an gceathrar iarrthóirí eile a chríochnaigh ina dhiaidh aniar. Tháinig laghdú ollmhór ar an vóta céadrogha a fuair an fear gnó Seán Gallagher in 2011, tráth a raibh 28.5% aige.

Caitheadh vóta chomh maith inniu i reifreann maidir leis an bhfocal ‘diamhaslach’ a bhaint as Bunreacht na hÉireann, rud a cheadódh don Oireachtas an dlí a leasú ionas nach cion a bheadh níos mó sa diamhasla. Os cionn 70% a vótáil ar son fáil réidh leis an bhfocal ‘diamhaslach’.

Fág freagra ar 'Micheál D Ó hUigínn tofa athuair ina Uachtarán ar Éirinn agus bua mór aige'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Eh…tá Sean Gallagher luaite ar an liosta thuas dhá iarraidh agaibh…?

    Is trua nach raibh Gaeilg ar bith ag Michael D ar a chuid póstaeirí toghchánaíochta – bhí siad i mBéarla amháin fá Leitir Ceanainn d’aithin mé.

    ‘…chuir sé an Ghaeilge “chun tosaigh” ina uachtaránacht le seacht mbliana anuas…’

    An labhraíonn an tUachtarán, Micheál D Ó hUigínn, Gaeilg ag na hócáidí uilig a dhéanann sé freastal orthu? An labhraíonn sé Gaeilg ag ócáidí thar lear? An mbeannaíonn sé do chuairteoirí i nGaeilg ar tús? An mbeannaíonn sé d’óstaigh i dtíortha eile i nGaeilg a luaithe is a chastar ar a chéile iad? An gcuireann sé in iúl do dhaoine ar fud na tíre agus ar fud na cruinne gurbh í an Ghaeilg chéad teangaidh na tíre seo?

    Bheinn amhrasach…

    Coinníoll Gaeilge don Ghaeltacht riachtanach.

  • Pádraig Ó Loirgneáin

    Is dócha go bhfuil na polatóirí seachas Sinn Féinn, na h-irisheóirí agus an meán cumarsáide an-bhródúil as Ó hUigin ach thug mise uimhir 1 do Peter Casey. Sea, tá fhios agam gur chuaigh mo vota í bhfastú ach is cuma liom. Sé an cúis a rinne mé mar tiomáineann mé dhá nó trí uair sa tseachtain tríd An Crois Condae Mhuigheo agus gach uair buaileann cloigín i mo cheann agus tagann an t-ainm Padraig Nally i mo chuimhne. Tá mé tinn tuirseach ag éisteacht leis an moladh faoi hUigínn agus tá súil agam go maireann sé an seacht bhliain mar ní theastaíonn teachtaraiochtaí ómóis uaibh arís go dteo fad atá sé ina Uachtarán. Ag éisteacht le tromlach an daonra tá sé í measc na naomh ar neamh fiú amhain sula bhásfaidh sé .