Beidh Na Gaeil Óga agus Micheál Breathnach i measc na bhfoirne a ghlacfaidh páirt i gcomórtas bliantúil Iomáin Cholmcille a bheidh ar siúl i nGaeltacht Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo.
Comórtas iomána, camógaíochta agus camánachta é Iomáin Cholmcille a thugann Gaeilgeoirí as Éirinn agus as Albain le chéile agus beidh comórtas na bliana seo ar an gceann is mó riamh agus seacht bhfoireann, idir fhir agus mhná, ag glacadh páirt ann.
Chomh maith leis Na Gaeil Óga agus Micheál Breathnach, beidh foireann camógaíochta Chois Fharraige ag glacadh páirt sa chomórtas, chomh maith leis na foirne ionadaíocha, Fir Uladh, Mná Uladh, Fir na hAlban agus Mná na hAlban.
Is i nGaoth Dobhair a bheidh comórtas na bliana seo á reáchtáil agus imreofar deich gcluiche Dé Sathairn beag seo, an 17 Samhain, comórtas na bhfear, Corn Cholmcille, agus comórtas na mban, Corn Scáthaigh.
Eagraíodh Iomáin Cholmcille den chéad uair in 2007 nuair a d’imir foireann na hAlban in aghaidh chumann Mhicheál Breathnach san Oban agus tá an comórtas imithe i méid ó shin. Ghlac Fir Uladh páirt den chéad uair in 2012 agus d’imir na Gaeil Óga ann den chéad uair in 2015, an chéad bhliain go raibh comórtas na mban ann chomh maith.
Seo an chéad uair a mbeidh gach uile fhoireann acu páirteach i gcuideachta a chéile.
Is iad na comhrialacha idirnáisiúnta iomána/camánachta a bheas i bhfeidhm sna cluichí uile. Ó thaobh na nÉireannach de, is iad na gnéithe is suntasaí de na comhrialacha nach mbíonn cead ag aon imreoir seachas an cúl báire an sliotar a cheapadh ná a chiceáil. Is fiú trí phointe cúl agus pointe amháin poc thar an trasnán, agus is fiú dhá phointe poc saor nó poc sleasa a bhuailtear den talamh thar an trasnán.
Tá Iomáin Cholmcille ar cheann de na tionscadail a eagraíonn Scéim Cholmcille atá á riar ag Foras na Gaeilge agus Bord na Gàidhlig le ceangal agus caidreamh a bhunú idir Gaeil na hÉireann agus Gaeil na hAlban.
Clár an lae
Dé Sathairn 17 Samhain
10.00pm | Corn Cholmcille (15 nóiméad an leath) Páirc 1: Fir Uladh v Na Gaeil Óga Páirc 2: Micheál Breathnach v Fir na hAlban |
---|---|
10.40pm | Corn Scáthaigh (25 nóiméad an leath) Páirc 1 Mná Uladh v Cois Fharraige |
11.40pm | Corn Cholmcille (15 nóiméad an leath) Páirc 1 Micheál Breathnach v Na Gaeil Óga Páirc 2 Fir Uladh v Fir na hAlban |
12.20pm | Corn Scáthaigh (20 nóiméad an leath) Páirc 1 Caillteoirí MU/CF v Mná na hAlban |
1.10pm | Corn Cholmcille (15 nóiméad an leath) Páirc 1 Fir Uladh v Micheál Breathnach Páirc 2 Na Gaeil Óga v Fir na hAlban |
2.00pm | Cluiche ceannais Chorn Scáthaigh (30 nóiméad an leath) Páirc 1 Buaiteoirí MU/CF v Mná na hAlban |
3.10pm | Bronnadh Chorn Scáthaigh |
3.20pm | Cluiche ceannais Chorn Cholmcille (30 nóiméad an leath) Páirc 1 Buaiteoirí FU/GÓ/MB v Fir na hAlban |
4.30pm | Bronnadh Chorn Cholmcille |
Fág freagra ar 'Micheál Breathnach, Na Gaeil Óga agus tuilleadh ag triall ar Ghaoth Dobhair do chomórtas idirnáisiúnta na gcamán'