Mícheál Breathnach ag iarraidh teip 2016 a chúiteamh

Tá sé trí bliana ó cloíodh iománaithe Mhícheál Breathnach i gcluiche ceannais Chonnacht ach tá deis acu tráthnóna craobh an chúige a bhaint den chéad uair

Mícheál Breathnach ag iarraidh teip 2016 a chúiteamh

Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Tá deis ag iománaithe Mhícheál Breathnach craobh Chonnacht a thabhairt leo den chéad uair tráthnóna agus iad ag tabhairt aghaidh ar churaidh Shligigh, Naomh Eoin, i gcluiche ceannais Chraobh Shóisir Iomána an chúige.

Thug Mícheál Breathnach Craobh Shóisir 1 na Gaillimhe leo an mhí seo caite nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Bhearna-Na Forbacha. D’aimsigh foireann Indreabháin cúig chúl sa chluiche sin agus ba é an lántosach, Rónán Ó Beoláin, a scóráil trí cinn acu sin.

Beidh Micheál Breathnach ag súil le taispeántas maith eile ón mBeolánach tráthnóna agus ó cheannairí eile na foirne amhail Maidhc Ó Conghaile, Seán Denvir agus na deartháireacha Jack agus Cian Mac Giolla Bhríde.

Ní bheidh fáil ag Mícheál Breathnach ar Liam Óg Mac Donnacha tráthnóna, fear a thosaigh an cluiche sin i gcoinne Bhearna-Na bhForbacha ach a gortaíodh agus é ag imirt d’fhoireann peile an chumainn in athimirt chluiche ceannais Chraobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe an tseachtain dár gcionn.

Ní hí seo an chéad uair ag foireann Chonamara cluiche ceannais Chonnacht a bhaint amach agus is maith a thuigeann siad go bhfuil iománaithe maithe i Sligeach.

Thug siad aghaidh ar Chalraí/Naomh Iosaef i gcluiche ceannais 2016 agus cé go raibh fir Chonamara chun tosaigh i dtreo dheireadh an 60 nóiméad agus arís i dtreo dheireadh an ama breise, ghéill siad dhá chúl a bhí fíorchinniúnach agus scaoil siad an lá le fir Shligigh.

Bhuaigh céilí comhraic na mBreathnach, Naomh Eoin, Craobh Shinsir Iomána Shligigh a den chéad uair i mbliana agus fuair siad an ceann is fearr ar churaidh Chonnacht 2018, Cora Droma Rúisc as Liatroim, sa gcluiche leathcheannais cúpla seachtain ó shin.

Bhí seisear d’imreoirí Naomh Eoin ar phainéal Shligigh a bhuaigh Corn Nicky Rackard i mbliana. D’aimsigh duine acu, Gerard O’Kelly-Lynch, dhá chúl sa gcluiche ceannais agus ainmníodh é ar shárfhoireann na bliana.

Beidh Mícheál Breathnach ag iarraidh cúiteamh a dhéanamh sa gcliseadh sin trí bliana ó shin ach ní bheidh sé éasca acu.

Cluiche ceannais Chraobh Shóisir Iomána Chonnacht

Mícheál Breathnach (Gaillimh) v Naomh Eoin (Sligeach)

Ionad Barr Feabhais CLG Chonnacht – 2pm

Fág freagra ar 'Mícheál Breathnach ag iarraidh teip 2016 a chúiteamh'