Michael Meehan éirithe as an imirt le Gaillimh

Tá sé fógartha ag Michael Meehan go bhfuil sé ag éirí as an imirt idirchontae agus tuigtear nach mbeidh fáil ag Gaillimh ar Fhinian Hanley in 2018 ach an oiread

Michael Meehan éirithe as an imirt le Gaillimh

Tá sé fógartha ag tosach na Gaillimhe, Michael Meehan, go bhfuil sé ag éirí as an bpeil idirchontae. Bhí Meehan cráite ag gortuithe le roinnt blianta anuas agus tá an cinneadh déanta anois aige seasamh siar ón bhfoireann contae.

Tugadh Meehan isteach ar phainéal na Gaillimhe arís i mbliana tar éis dó trí bliana a chaitheamh agus gan é ag imirt ach lena chlub ach is beag tionchar a bhí aige ar pháirc na himeartha. Níor imir sé ach cúpla nóiméad ar fad – sa chluiche in aghaidh Dhún na nGall.

Nuair a bhí sé i mbarr a mhaitheasa, measadh Meehan a bheith ar dhuine de na tosaithe ab fhearr sa tír agus duine de na himreoirí ba chumasaí a chaith geansaí na Gaillimhe riamh.

Bhuaigh Meehan Craobhacha Faoi-21 na hÉireann le Gaillimh in 2002 agus 2005 agus d’imir sé do na sinsir den chéad uair in 2003.

Rinne sé gaiscí lena chlub, An Chealtrach, freisin agus bhuaigh siad Craobh na hÉireann in 2004. D’imir sé taobh lena thriúr deartháireacha, Noel, Tomás agus Declan, sa chluiche ceannais sin in aghaidh na Gaeltachta Lá Fhéile Pádraig.

Bhuaigh sé Craobh Shinsir Chonnacht in 2003, 2005 agus 2008. Cuimhneofar i gcónaí ar an taispeántas a thug sé sa bháisteach in aghaidh Chiarraí i bPáirc an Chrócaigh in 2008, nuair a d’aimsigh Meehan deich bpointe.

Finian Hanley. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Faraor, bhí an-chuid deacrachtaí aige le gortuithe ó shin, go háirithe lena rúitín agus tá an cinneadh déanta aige anois éirí as an imirt idirchontae.

Tuigtear nach mbeidh fáil ach an oiread ag Kevin Walsh ar dhuine eile de seanfhondúirí na Gaillimhe, sin é Finian Hanley. Bhain drochghortú glúine don lánchúlaí, atá 33 bliana d’aois, anuraidh agus cinneadh anois déanta aige éirí as an imirt idirchontae.

Bhí fear Bhóthar na Trá/Chnoc na Cathrach ar an bhfoireann Faoi-21 chéanna le Meehan a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2005 agus ba é Hanley a bhí ina chaptaen ar a chumann nuair a bhuaigh siad Craobh Peile na gClubanna in 2006.

Fág freagra ar 'Michael Meehan éirithe as an imirt le Gaillimh'