Michael Fassbender i mbun gaiscí sacair, Cillian Murphy mar Oppenheimer agus Indiana Jones na ceithre scór

Caitheann ár léirmheastóir súil chun cinn ar na scannáin a bheith ag teacht chuig an scáileán mór in 2023

Michael Fassbender i mbun gaiscí sacair, Cillian Murphy mar Oppenheimer agus Indiana Jones na ceithre scór

Oppenheimer

Stiúrthóir tréitheach é Christopher Nolan a bhfuil saothair thaitneamhacha, théagartha éagsúla curtha os ár gcomhair aige. Aisteoir cumasach é Murphy a bhfuil mealltacht agus teacht i láthair ar leith aige.

Nuair a chualathas go mbeadh an bheirt i mbun comhghuaillíochta arís, agus den chéad uair go mbeadh Murphy mar cheann feadhna, tháinig uisce le fiacla.

Díreoidh an saothar seo ar thionscnamh an bhuama adamhaigh leis an gCorcaíoch i ról an teidil. Cúis eile le daoine a bheith ar tinneall ná an chliar iontach atá bailithe le chéile: Florence Pugh, Emily Blunt, Matt Damon, Robert Downey Jr., Matthew Modine, Josh Hartnett, Gary Oldman, Kenneth Brannagh, Casey Affleck agus Rami Malek ina measc.

Dune: Part Two

Scannán mór-eachtraíochta le téagar agus aicsean is ea an chéad ghála de Dune. Chuir sé mórán faoi dhraíocht nuair a tháinig sé os comhair an lucht féachana in 2021. D’éirigh leis an draoi Denis Villeneuve mórshaothar Frank Herbert a chur ina steillbheatha os ár gcomhair.

Sa dara gála fillfimid ar shochaí fheodach idir-réaltach na bliana 10191 mar a bhfuil teaghlaigh uaisle i gceannas ar phláinéid dhifriúla ach fé cheannas an Impire. Sa chéad scannán rinneadh slad ar theaghlach Atreides agus ba ar éigean a thug Paul (Timothée Chalamet) na cosa leis. Cífear i mbun díoltais é sa scannán seo. Zendaya, Rebecca Ferguson, Jason Mamoa, Javier Bardem, Josh Brolin agus Stellan Skarsgård ag filleadh ar na róil a bhí acu agus Christopher Walken is Florence Pugh earcaithe don ghála seo.

Roosevelt

Níl aon chuimhneamh ag an seanfhondúir a cheamara a chaitheamh thar claí. Beidh Martin Scorsese bliain le cois na ceithre scór an t-am seo an bhliain seo chugainn agus seo chugainn é le saothar faoin uachtarán cáiliúil Theodore Roosevelt.

Don séú babhta beidh sé i mbun comhghuaillíochta le Leonardo DiCaprio agus beidh sé siúd, ní nach ionadh, sa phríomhról. Tabharfar éachtaint ar shaol eachtrúil Roosevelt ó pháirc an chatha go dtí an Teach Bán. Tá a shúil ag DiCaprio ar a dhara duais Oscar. Creid é nó ná creid beidh saothar eile uathu ag teacht chugainn (moill Chovid is uile) Killers of the Flower Moon, scannán é seo atá bunaithe ar dhúnmharuithe in Oklahoma i bhfichidí an chéid seo caite.

Ola ar thailte threibh Osage mar chúlra agus címid an FBI ag teacht in inmhe is iad ag dul i mbun fiosrúcháin. Robert de Niro agus Jesse Plemons sa chliar chomh maith.

Tarrac

Tarrac an chéad saothar eile a bheidh chugainn ó scéim rathúil Cine4.

Sa saothar seo, atá á stiúradh ag Declan Recks, filleann Aoife (Kelly Gough) ar an bhfód dúchais i gCorca Dhuibhne le haire a thabhairt dá hathair a bhfuil an tsláinte ag teip air. Níl a gaol lena hathair thar mholadh beirte, áfach. Tugann sí faoin rásaíocht naomhóg arís agus láidríonn sin a nasc leis an gceantar agus lena muintir. Lorcan Cranitch agus Cillian Ó Gairbhí sna príomhróil eile.

De réir scéil baintear an-adhmad as tírdhreach álainn Chorca Dhuibhne.

Indiana Jones and the Dial of Destiny

Ós ag caint ag seanfhondúirí sinn, seo chugainn Harrison Ford lena hata feilte, a fhuip is a charúil ghrinn don chúigiú babhta. É i mbun gaiscíochta agus na ceithre scór slánaithe aige. Tá breis agus daichead bliain caite ó chuir an chéad scannán acu an lucht féachana faoi dhraíocht.

Den chéad uair ní bheidh aon bhaint ag Spielberg le heachtraíocht Indiana. Siad Mads Mikkelsen, Antonio Banderas agus Phoebe Waller-Bridge cuid de na haisteoirí eile atá sa chliar.

Next Goal Wins

Tá an saothar seo bunaithe ar shaothar faisnéise don teideal céanna ó 2014 a thug cuntas ar ghaiscí an chóitseálaí Thomas Rongen le foireann sacair Shamó Mheiriceá. Tuairim is deich mbliana ó shin measadh go raibh an fhoireann ar cheann de na foirne is measa ar domhan.

Dhein an tOllannach-Mheiriceánach Rongen an taoide a chasadh agus d’éirigh leo Corn an Domhain a bhaint amach in 2014. Sé Michael Fassbender na hÉireann a bheidh sa phríomhról.

Fág freagra ar 'Michael Fassbender i mbun gaiscí sacair, Cillian Murphy mar Oppenheimer agus Indiana Jones na ceithre scór'