Michael Darragh MacAuley, Kieran Fitzgerald agus Joe Quaid i measc na laochra Gael ar TG4

Beidh seisear peileadóirí agus iománaithe faoi chaibidil sa tsraith is deireanaí de Laochra Gael, a gcuirfear tús léi an tseachtain seo chugainn

Michael Darragh MacAuley, Kieran Fitzgerald agus Joe Quaid i measc na laochra Gael ar TG4

Tá an 20ú sraith de Laochra Gael fógartha agus peileadóirí as Gaillimh, Baile Átha Cliath agus Laois ina measc siúd a bheidh le feiceáil sna cláir nua ar TG4 idir seo agus mí Feabhra.

Is é Terence ‘Sambo’ McNaughton, duine de na daoine is mó cáil i scéal iomána Aontroma, a bheidh faoi chaibidil sa chéad chlár den tsraith nua, a gcuirfear tús léi Déardaoin seo chugainn, an 13 Eanáir, ag 9.30pm.

Agus é mar chuid d’fhoireann shinsir Aontroma le linn na 1980idí agus 1990idí, rinne an UDA bagairt ar McNaughton ach choinnigh sé air ag imirt lena chontae agus bhí sé mar chuid d’fhoireann an chontae a bhain cluiche ceannais na hÉireann amach i 1989. Fuair siad an ceann is fearr ar Uíbh Fhailí sa chluiche leathcheannais, ceann de na torthaí gan choinne is cáiliúla i stair CLG. Sé bliana déag a chaith McNaughton ag imirt d’Aontroim agus chaith sé seal i gceannas ar an bhfoireann freisin.

Is é iarPheileadóir na Bliana Michael Darragh MacAuley a bheidh le feiceáil sa dara clár. Naoi gcinn de bhoinn uile-Éireann a bhuaigh MacAuley le hÁth Cliath ach ní raibh grá aige i gcónaí don pheil. Déanfar cur síos sa chlár freisin ar an mbuairt a d’fhulaing sé nuair a chuaigh a mháthair ar shlí na fírinne ina óige agus nuair a bhásaigh a athair bliain tar éis dó a chéad chraobh uile-Éireann a bhuachan.

Tá Sue Ramsbottom aitheanta ar dhuine de na banpheileadóirí ab fhearr riamh agus tabharfar léargas ar na blianta fada a chaith sí i ngeansaí Laoise sa tríú clár de Laochra Gael. Ní raibh Ramsbottom ach 12 bliain d’aois nuair a d’imir sí d’fhoireann shinsir den chéad uair agus d’éirigh léi Craobh Club na hÉireann a bhuachan an bhliain chéanna. B’fhada í ag fanacht ar an gcraobh idirchontae a bhuachan. Seacht gcinn de chluichí ceannais a chaill Ramsbottom le Laois sula ndearna siad an beart faoi dheireadh in 2001.

Duine de mhuintir Quaid Luimnigh a bheidh faoi chaibidil sa cheathrú clár agus scéal Joe á insint. Nuair a thosaigh sé ag imirt sa chúl do Luimneach, is in áit a chol ceathrair, Tommy, a bhí sé ag imirt. Cuireadh an milleán air nuair a chaill Luimneach cluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Uíbh Fhailí i 1994 ach bhuaigh sé gradam All Star an bhliain chéanna agus ghnóthaigh sé ceann eile i 1996. Nia leis, Nickie, atá ina chúl báire ag sárfhoireann Luimnigh faoi láthair.

Laoch Chora Finne agus na Gaillimhe, Kieran Fitzgerald atá roghnaithe don chúigiú clár. Ní raibh Fitzgerald ach 20 bliain d’aois nuair a bhuaigh sé Craobh Shinsir Peile na hÉireann le Gaillimh in 2001. Déantar cur síos sa chlár ar an tragóid a bhuail é nuair a bhásaigh a chailín, Mairéad Meehan, le hailse agus ar an bhfaoiseamh a fuair sé faoi dheireadh ag imirt le Cora Finne, dream a thug leo Craobh Club na hÉireann ceithre huaire.

Sa chlár deireanach sa tsraith, déanfar cur síos ar shaol corrach Johnny McGurk. Bhí McGurk ar an bhfoireann as Doire a bhuaigh Craobh na hÉireann i 1993 agus ba é a scóráil an cúilín cinniúnach sa chluiche leathcheannais in aghaidh Átha Cliath an bhliain chéanna. Ach thit rudaí as a chéile air nuair a d’éirigh sé as an imirt. Agus é tugtha don chearrbhachas, ghoid sé £500,000 óna fhostóirí. Nuair a rugadh air tháinig deireadh lena phósadh agus cuireadh chun príosúin é.

Is é an comhlacht léiriúchán Gaeltachta, NemetonTV a dhéanann léiriú ar Laochra Gael.

Fág freagra ar 'Michael Darragh MacAuley, Kieran Fitzgerald agus Joe Quaid i measc na laochra Gael ar TG4'