Michael bocht! Cúram imeallach suarach tugtha d’Éirinn sa Choimisiún Eorpach

Bíonn cuid den lucht lútála ag cur i gcéill go bhfuil ardmheas orainn san AE, ach níl

Michael bocht! Cúram imeallach suarach tugtha d’Éirinn sa Choimisiún Eorpach

Céard is brí le riail an dlí is cirt? Sin í an cheist atá á cur ó ceapadh Michael McGrath bocht ina choimisinéir le daonlathas, dlí is cirt is riail an dlí – cailís nimhe má bhí a leithéid ann riamh.

Tá an rialtas ar ndóigh ag iarraidh cuma dhearfach a chur orthu féin, is ar an gceapachán seo. Ach, mar a léirigh Eoin Drea, taighdeoir le cúrsaí Eorpacha sa mBruiséil, in alt a scríobh sé don Irish Times, léirigh post McGrath a laghad tionchar atá ag Éirinn go fírinneach taobh istigh den Aontas Eorpach.

Bíonn cuid den lucht lútála ag cur i gcéill go bhfuil ardmheas orainn san AE mar gheall ar chomh dílis is atá muid don ‘Fhiontar Eorpach’. Bíonn cuid eile ag impí orainn neodracht a chaitheamh ar leataobh agus páirt lárnach a ghlacadh sa gcomhghuaillíocht Atlantach lenár ndílseacht don Rí a thaispeáint.

Bhí an rialtas ag súil le cúram eacnamaíochta, agus sin an taithí pholaitiúil atá ag McGrath; ach tugadh cúram imeallach dúinn nach bhfuil aon ghné eacnamaíochta ag baint leis.

Michael bocht! D’fhág sé post tábhachtach ina dhiaidh in Éirinn agus féach anois é. Cabhróidh an tuarastal leis, ach, ag deireadh thiar, is beag faoiseamh é sin.

Táthar ag rá in áiteacha nach bhfuair muid cúram níos tábhachtaí toisc nár ghéill muid d’iarratas von der Leyen bean a ainmniú mar choimisinéir. Ach dhiúltaigh an Iodáil géilleadh di is tá post breá ag a gcoimisinéir, Raffaele Fitto. Tá Fitto, atá ar an eite fhíordheis, ar dhuine de leas-uachtaráin feidhmeannacha an Choimisiúin.

Agus más fíor go bhfuil Uachtarán an Choimisiúin chomh beagintinneach is chomh suarach sin, céard is fiú ár ndílseacht uiríseal don AE?

Agus an cúram féin? Céard atá i gceist le riail an dlí? Dul i ngleic leis an Ungáir, is cosúil.

Deir an tAE go bhfuil riail an dlí á sárú ag an Ungáir trí srian a chur ar an gcóras breithiúnais, trí cur isteach ar shaoirse na meán, is eile. Níl aon chruthúnas ann ach fógairt ó uaisle na hEorpa.

Ach cén ceann de na meáin mhóra in Éirinn nach gcloíonn leis na líne oifigiúil maidir le scéal domhanda ar bith? Cé a cheapann na breithiúna abhus ach an rialtas.

Go fírinneach, is é peaca na hUngáire nach bhfuil siad ar aon intinn leis an AE maidir leis an gcogadh san Úcráin, maidir le hinimirce is maidir le cearta daoine aeracha.

Ní thaitníonn tuairimí Orbán i dtaobh daoine aeracha liomsa, ach, ag deireadh thiar, is gnó do mhuintir na hUngáire é; ní gnó don AE.  Is amhlaidh an cás i dtaobh na n-ábhar achrainn eile.  Sin é an daonlathas – meas ar chearta gach ballstáit – agus is cuma cén dearcadh atá ag daoine taobh amuigh.

Ach ní hin an riail dlí mar a thuigeann an tAE é. Déanann an Ungáir níos deacra é polasaí cogaidh an AE, mar shampla, a chur i bhfeidhm – trí armas is airgead a thabhairt don Úcráin – agus mar gheall air sin caithfear pionós – fíneáil nó eile – a ghearradh ar an Ungáir.

Agus sin é an cúram a bheidh ar Michael McGrath. Níor ghéill Orbán don Choimisinéir a bhí ann roimhe, is ní dóigh liom go ngéillfidh Orbán do McGrath ach an oiread.

Ach pointe tábhachtach: cá bhfuil sé leagtha síos nach féidir leis an Ungáir gan aontú le móramh an AE? Cén conradh Eorpach a luaitear leis an gcumhacht sin, nó an é go bhfuil an Coimisiún ag cur lena gcuid cumhachtaí gan bunús conartha leo?

Nuair a ghlac muid ballraíocht i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa i 1972, ba ar chúiseanna eacnamaíochta é. Bhí muid ag iarraidh bacanna trádála leis an Eoraip a chur ar ceal agus spreagadh dá bharr a thabhairt don eacnamaíocht s’againne.

Ach anois is cineál stát faoi leith é an tAE, is go bhfóire Dia ar aon stát nach gcloíonn leis an líne.

Agus má tá muid dílis don AE, ní cosúil go bhfuil an tAE dílis dúinne. Féach an chaoi go bhfuil siad breá sásta ár gcóras eacnamaíochta maidir le riaradh cánach a scrios. Ní hé go n-aontaímse leis an gcóras seo ach oiread, ach is fúinne in Éirinn aon chinneadh a dhéanamh faoinár bpolasaithe eacnamaíochta, agus fúinne amháin.

Is fúinne amháin é a rá an gcuirfidh muid bac ar thrádáil le hIosrael, is tá sé thar am go n-éireodh an tAE as an tseafóid seo faoi rialacha dlí na mballstát is go mbeadh an tAontas srianta do chúrsaí eacnamaíochta amháin.

Fág freagra ar 'Michael bocht! Cúram imeallach suarach tugtha d’Éirinn sa Choimisiún Eorpach'

  • Seosamh Ó Beirgin

    An gnáthchnáimheáil dobhránta uaidh Eoin faoin AE, arís agus aríst eile.

  • Eoin Ó Murchú

    A Sheósaimh, cén chaoi ‘dobhránta’? Mínigh cén chaoi a bhfuil tábhacht leis an gcúram atá aige? Tabhair freagra dona hargóintí a dhein Eoin Drea.

  • Conchubhar Ó Dálaigh

    “Deir an tAE go bhfuil riail an dlí á sárú ag an Ungáir trí srian a chur ar an gcóras breithiúnais, trí cur isteach ar shaoirse na meán, is eile. Níl aon chruthúnas ann ach fógairt ó uaisle na hEorpa”.

    Tuairisc anseo ó Human Rights Watch – achoimre ar an mbrú ar institiúidí daonlathais, dlí is cirt, saoirse na meán srl san Ungáire ag deireadh 2023: https://www.hrw.org/world-report/2024/country-chapters/hungary

    Tuairisc eile anseo ó Amnesty International – féach ar na srianta a chuireann rialtas Orbán ar shaoirse cainte na múinteoirí sna scoileanna thall, mar shampla: https://www.amnesty.org/en/location/europe-and-central-asia/western-central-and-south-eastern-europe/hungary/report-hungary/ Dada le feiceáil, meas tú?

    Gan trácht ar iliomad tráchtairí Ungáracha a bhíonn ag labhairt amach go poiblí (ó thar lear!) ar na hábhair seo, mar shampla Szabolcs Panyi agus a chomhghleacaithe ag Direkt36.hu https://www.direkt36.hu/en/category/az-orban-csalad-uzletei/ agus VSquare.org https://vsquare.org/hungary-cee-peace-movement-russia-kremlin-war-ukraine/ ….

    Ní ‘bodaigh móra’ agus ‘uasaicme’ an AE amháin atá ag rá a leithéid! Is léir don dall go bhfuil rialtas na hUngáire ag cur isteach ar chearta a bhíodh ag a phobal roimhe. Briseann an dúchas trí shúile an chait!

    Cén chineál “cruthúnais” eile atá ag teastáil uainn?

    Neart le déanamh mar sin ag ár gcoimisinéir nuacheaptha MMcG, cheapfainn! Ní bheith sé díomhaoin amach anseo! :)