Mic léinn ó Mheiriceá in Éirinn chun staidéar a dhéanamh ar na meáin Ghaeilge

Mar chuid dá gcúrsa, déanfaidh na mic léinn staidéar ar obair Raidió na Gaeltachta agus TG4 agus casfaidh siad le hionadaithe ón dá sheirbhís.

Mic léinn ó Mheiriceá in Éirinn chun staidéar a dhéanamh ar na meáin Ghaeilge

Tá grúpa mac léinn ó Ollscoil Rutgers i New Jersey Mheiriceá tagtha go hÉirinn an tseachtain seo le staidéar a dhéanamh ar na seirbhísí meáin chumarsáide atá ar fáil trí mheán na Gaeilge agus an tacaíocht atá ar fáil don teanga agus don chultúr Gaelach.

Tá dhá dhuine dhéag mac léinn cumarsáide ar an gcúrsa. Caithfidh siad ceithre lá ar an gCeathrú Rua, dhá lá i gcathair na Gaillimhe agus trí lá i mBleá Cliath.

Mar chuid dá gcúrsa, déanfaidh na mic léinn staidéar ar obair Raidió na Gaeltachta agus TG4 agus casfaidh siad le hionadaithe ón dá sheirbhís.

Tabharfaidh siad cuairt freisin ar Oifig an Choimisinéara Teanga, ar Údarás na Gaeltachta agus ar Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc. Tá sé i gceist go dtabharfadh siad cuairt freisin go hÁrainn roimh dheireadh na seachtaine.

Casfaidh siad chomh maith le cuid den dream a raibh baint acu le bunú Saor-Raidió Chonamara i dtús na 70idí.

Beidh roinnt ranganna ag na mic léinn in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua agus ar champas na hOllscoile i nGaillimh. Tá spéis ar leith acu sa gCúrsa Cumarsáide trí mheán na Gaeilge a chuireann an tAcadamh ar fáil.

I mBleá Cliath tabharfaidh siad cuairt ar Chonradh na Gaeilge agus ar cheanncheathrú Chumann Lúthchleas Gael i bPáirc an Chrócaigh.

Is í an tOllamh Regina Marchi atá i mbun an chúrsa i nOllscoil Rutgers agus tá spéis ar leith ag an Ollamh Marchi sa tábhacht atá le seirbhísí meáin chumarsáide do theangacha agus do chultúir mhionlaigh. Tá an turas seo go hÉirinn eagraithe mar chuid den chúrsa atá á mhúineadh aici i Rutgers.

D’eascair an cúrsa as cuairt a thug an tOllamh Marchi ar chairde dá cuid ar an gCeathrú Rua cúpla bliain ó shin. Chonaic sí an borradh atá faoi thionscal na meán cumarsáide i gConamara agus tar éis di staidéar a dhéanamh ar an gcúlra a bhain leis an scéal mheas sí go raibh ábhar ann le gearrchúrsa a fhorbairt sa réimse staidéir a bhfuil plé aici leis i nOllscoil Rutgers.

Fág freagra ar 'Mic léinn ó Mheiriceá in Éirinn chun staidéar a dhéanamh ar na meáin Ghaeilge'