‘Mí-úsáid’ á baint ag comhlachtaí tobac as an nGaeilge ar a bhfógraí sláinte

Deir Teachta Dála go bhfuil comhlachtaí tobac ag iarraidh ‘dallamullóg’ a chur ar ‘eachtrannaigh’

‘Mí-úsáid’ á baint ag comhlachtaí tobac as an nGaeilge ar a bhfógraí sláinte

Tá mí-úsáid á baint ag comhlachtaí tobac as an nGaeilge ar a bhfógraí sláinte chun dallamullóg a chur ar dhaoine nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu, dar leis an iarAire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán inné gur eisceacht a bhí sna comhlachtaí tobac maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn ar a gcuid fógraíochta sa mhéid is go mbíonn an Ghaeilge níos feiceálaí ná an Béarla ar bpaicéid toitíní.

Mhaígh Ó Cuív, áfach, gurb é “an t-aon údar” go dtugtar tús áite don Ghaeilge seachas an Béarla ar na paicéid ná go bhfuil na comhlachtaí ag iarraidh “dallamullóg” a chur ar “eachtrannaigh” agus daoine nach bhfuil tuiscint na Gaeilge acu.

Bhí Ó Cuív ag caint ag cruinniú de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, mar a raibh an Coimisinéir teanga i láthair chun labhairt faoina a thuarascáil nua ar fheidhmiú chóras na scéimeanna teanga.

Dúirt an Teachta Dála gurb iad na comhlachtaí tobac an t-aon dream a bhí ag comhlíonadh a ndualgais ó thaobh na Gaeilge go “beacht” agus mhaígh siad go raibh siad “ag dul thar fóir” fiú.

“Is bocht an scéal gur féidir leo [comhlachtaí] é a dhéanamh nuair a fheileann sé dóibh féin,” a dúirt sé.