Mí Iúil ‘Mí na Mailíse’ anois…

Ní mór atá mé ag súil le giorrú an lae agus cuimhní Pháirc an Chrócaigh i bhfad siar san intinn

Mí Iúil ‘Mí na Mailíse’ anois…

Mártan Ó Ciardha

Bhí buachaill in aon rang liom ar mheánscoil fadó ach raibh suim i dtada sa saol aige ach spórt agus leabhair nó scannáin faoi dhrongadóirí Mheiriceá fadó.

Nuair a bhí aige a bheith i mbun staidéir, chaitheadh sé an tráthnóna ag léamh irisí de chuma Charles Buchan’s Football Monthly, Soccer StarGoal – iad ar a ghlúine faoin deasc. Fuair sé an oiread den bhata mar gheall orthu agus go ndéarfainn go bhfuil na marcanna ar a chuid rostaí fós. Ní dhearna sin ach a dhúil iontu a mhéadú.

‘August is a wicked month’ an ráiteas is mó dá chuid a fhanann i mo chuimhne. Tráthúil go leor ba thart ar an am céanna a foilsíodh leabhar Edna O’Brien den teideal céanna– ceann a raibh bac i ndán dó sa tír seo agus i dtíortha eile nárbh í siocair cur síos a bheith ann ar chaidreamh collaí.

Ach ní raibh aon trácht i leabhar an Bhrianaigh ar an gcúis gur cheap mo dhuine go mba thráth mioscaise é an t-ochtú mí den bhliain. An tragóid ba mhó a bhain le Lúnasa, dar leis siúd, gur ceileadh seans ar Chorn Mhig Uidhir agus ar Chorn Mhic Cárthaigh ar leathchraobhairí na gCúigí le linn an ama sin. 

Bhain an chuid ba mhó den chomhrá a dhéanadh sé le daoine a raibh ‘Machine-Gun Kelly’, ‘Scarface Al’, ‘Jake Greasy Thumb Guzik’ agus ‘Pretty Mike’ mar ainmneacha orthu – ba mhó go mór an t-eolas a bhí aige ina dtaobh ná an FBI.

Is minic ó shin a chuimhnigh mé dá mba ‘Aces and Eights Archimedes’ a bhí ar an bhfear a rith ina chraiceann dearg ag fógairt ‘Eureka’, nó dá mba ‘Masher Pythagoras’ a bhí ar mhatamaiticeoir na Gréige go gcuirfeadh mo chara beagán suime sna ranganna eolaíochta agus céimseata agus go ndéanfadh sé innealtóir nó eolaí maith. 

Go fiú dá n-iarrfadh an Roinn Oideachais ar Damon Runyon leagan Gaeilge den ‘The Seldom Seen Kid’ a scríobh bunaithe ar thuras Oisín go Tír na nÓg – b’fhéidir go gcuirfeadh sé suim sa teanga sin. 

Faraor níor tháinig ann dó. In imeacht trí bliana, bhí a dhóthain feicthe agus faighte ag mo dhuine den scolaíocht agus níor fhill sé don Ardteistiméireacht. 

Níorbh shin le rá nár mhair cuid dá oidhreacht.

‘Willie the Shake’ a bhí baiste aige ar an té a mheastar a bheith ar mhórscríbhneoir an Bhéarla. Chomh fada agus a bhain sé linne déagóirí, ní raibh ansiúd ach cráiteachán a scríobh liosta drámaí ina raibh óráidí chomh fada le lá an Earraigh. Iad le cur de ghlanmheabhair freisin. Ar bhealach éicint laghdaigh a leasainm an t-ualach a bhain le saothar Bhard Avon.

Níl a fhios agam cén taobh den domhan a thug fear na leasainmneacha air féin, ach má mhaireann sé ní mór dó a ráiteas faoi Lúnasa a athrú. Fágann socrú a rinne Cumann Lúthchleas Gael níos túisce i mbliana gurb é an ceann a thagann roimhe ‘Mí na Mailíse’ anois.

Beidh Craobh Iomána na hÉireann críochnaithe anois faoi cheann ceithre seachtaine agus an ceann peile an Domhnach dár gcionn – gan tús curtha fiú amháin le Rásaí Capall na Gaillimhe, ní áirím Lios Tuathail. 

Ní bhuailfidh sin ceart muid go mbeidh sé tarlaithe is dóigh ach tá mé cinnte, dearfa go mbeidh aistíl ag baint le bheith ag dul isteach an geata i mBaile an Bhriotaigh ar an Luan an 25 Iúil. 

Duine mé a mbíonn drogall orm tabhairt faoin athrú – mura bhfuil ann ach an taobh den leaba a leagaim mo chloigeann air. Fágann caint ar dhath eile a chur ar an doras ó dheas trína chéile mé agus ní cheannaím péire nua bróg go mbíonn na sála tite de na seanchinn.

Is leisce cuid mhaith dó, seans, ach caithfidh mé a rá nach go mór atá mé ag súil le giorrú an lae agus cuimhní Pháirc an Chrócaigh i bhfad siar san intinn.

Fág freagra ar 'Mí Iúil ‘Mí na Mailíse’ anois…'