Mí Feabhra na bliana seo chugainn a éistfear cás cúirte maidir le ráiteas i nGaeilge ar leac uaighe

Tá achomharc déanta ag muintir Margaret Keane, bean de bhunadh na hÉireann a bhásaigh in Coventry in 2018, faoi chinneadh a rinneadh i gcúirt eaglasta nár cheadmhach ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac uaighe a máthar

Mí Feabhra na bliana seo chugainn a éistfear cás cúirte maidir le ráiteas i nGaeilge ar leac uaighe

Is i mí Feabhra a thabharfar éisteacht do chás cúirte i Sasana a bhaineann le ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac chuimhneacháin.

Tá achomharc déanta ag muintir Margaret Keane, bean de bhunadh na hÉireann a bhásaigh in Coventry in 2018, faoi chinneadh a rinneadh i gcúirt eaglasta nár cheadmhach dóibh ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac uaighe a máthar.

Dhiúltaigh breitheamh i gcúirt eaglasta Shasana d’achainí go gcuirfí an ráiteas ‘Inár gcroíthe go deo’ i nGaeilge amháin ar leac chuimhneacháin Keane.

Dúirt an Breitheamh Stephen Eyre sa rialú de chuid na cúirte eaglasta go raibh an “baol ann” go nglacfaí leis an ráiteas i nGaeilge amháin mar “mana de shórt éigin” nó mar “ráiteas polaitiúil”, toisc, dar leis, “an paisean agus na mothúcháin a bhaineann le húsáid na Gaeilge”.

Tá achomharc déanta ag muintir Keane chuig an gcúirt deoise is sinsearaí i Sasana agus níor cuireadh leac chuimhneacháin ar uaigh Margaret Keane fós, os cionn dhá bhliain ó bhásaigh sí.

Deir dlíodóirí chlann Keane anois go bhfuil dáta don chás socraithe agus gur ar an 24 Feabhra 2021 a thabharfar éisteacht don achomharc i gcúirt i Londain.

Pléadh an scéal in Westminister an tseachtain seo caite agus cás Margaret Keane luaite ag an bhFeisire Conor McGinn i dTeach na dTeachtaí.

Tá os cionn £2,000 caite ag clann Keane ar an gcás go dtí seo agus bheadh costais bhreise i gceist leis an achomharc ach thug Conor McGinn le fios go raibh dea-scéal faighte aige maidir leis sin agus é ráite ag Eaglais Shasana go n-íocfaidh siadsan as na costais a bhaineann leis an achomharc.

Dúirt iníon Margaret Keane, Bernadette, le Tuairisc.ie go raibh an clann “thar a bheith buíoch” gur pléadh an cás in Westminster.

““Tá a fhios againn go maith nach é scéal ár dteaghlaigh amháin atá i gceist anseo ach cearta gach uile Éireannach go léireofaí meas ar a dteanga agus a bhféiniúlacht agus go bhfaighidís cothrom na Féinne. Gabhaimid buíochas le gach duine a sheas gualainn ar ghualainn linn chun dúshlán na claontachta a thabhairt.”

Fág freagra ar 'Mí Feabhra na bliana seo chugainn a éistfear cás cúirte maidir le ráiteas i nGaeilge ar leac uaighe'