Mí-éifeacht Luimnigh, ábhar imní d’Áth Cliath, agus ceachtanna eile

Caitheann Tuairisc súil siar ar na cluichí móra sna craobhacha peile agus iomána ag an deireadh seachtaine

Mí-éifeacht Luimnigh, ábhar imní d’Áth Cliath, agus ceachtanna eile

Luimneach mí-éifeachtach

Bhí John Kiely an-sásta leis an bhfuinneamh agus an dúrúch oibre a léirigh a fhoireann nuair a fuaireadar an ceann is fearr ar Chorcaigh i bPáirc na nGael. Dúirt sé, áfach, go gcaithfeadh a chuid imreoirí a bheith níos éifeachtaí agus seilbh an tsliotair acu.

D’aontódh mórán leis nach bhfuil an tsiúráil dhiamhair chéanna ag baint le himirt Luimnigh fós is a bhí blianta eile.

Ach más iad seo seaimpíní na hÉireann agus iad mí-éifeachtach i mbun seilbh na liathróide, údar imní ann féin an méid sin do gach foireann eile.

Ní rud neamhghnách ar fad é ag Luimneach ualach iarrachtaí amú a bheith acu. Chuireadar 20 iarracht amú in aghaidh Chill Chainnigh i gcluiche ceannais na sraithe i gcomparáid le 10 gcinn ag na Cait. Bhí farasbarr 11 pointe ag Luimneach sa deireadh.

Leagann Luimneach an-bhéim i gcónaí ar líon na n-iarrachtaí ar scóranna a bhíonn acu agus in ainneoin na n-iarrachtaí amú beidh siad sásta go maith go raibh nach mór 50 iarracht ar scór acu in aghaidh Chorcaí.

Chuir Luimneach 15 iarracht amú, i lámha an chúl báire a chríochnaigh dhá iarracht eile agus bhuail siad an polla le ceann eile. Ach dheineadar gaisce scórála mar sin féin.

Seachas 1-3, ón imirt a tháinig gach aon scór de 3-25 Luimnigh in aghaidh Chorcaí. B’in an scór is mó ón imirt, 2-22, ag aon dream i gcraobh na Mumhan i mbliana seachas Tiobraid Árann a fuair an líon céanna pointí ón imirt in aghaidh chontae an Chláir, 4-16.

Beidh imní ar John Kiely faoi líon na scóranna a fuair Corcaigh ó phocanna saora – 13 – agus is cinnte go mbeidh focal aige lena chuid imreoirí faoi chúrsaí smachta.

Ag an am céanna, mhaithfí do Kiely é dá mbeadh ábhairín iontais air faoin mbearna idir líon na bpocanna saora a bronnadh ar Chorcaigh i gcomparáid lena fhoireann féin, go háirithe i bhfianaise na cainte ag lucht anailíse i ndiaidh an chluiche faoi mhí-ádh a bheith ar Chorcaigh i gcás cinntí áirithe.

Smacht Ros Comáin ina ábhar imní d’Áth Cliath

Ní hé deireadh an domhain é d’Áth Cliath an comhscór a bhí acu le Ros Comáin i bPáirc an Chrócaigh ar an Domhnach. Theastaigh cic saor a bhí an-bhog ó na Connachtaigh chun na foirne a chur ar comhscór ag deireadh an chluiche agus, le cluichí in aghaidh Chill Dara agus Shligigh le teacht, is beag duine a cheapann nach n-éireoidh le foireann Dessie Farrell an chéad bhabhta eile den chraobh a bhaint amach.

Bhí easpa díograise ag baint le taispeántas Átha Cliath, áfach. Beidh a fhios ag fir na príomhchathrach go bhfuileadar sách maith chun na cluichí atá le teacht a bhuachan agus b’fhéidr gurbh in ba chúis leis ach bhí sé suntasach mar sin féin nach rabhadar in ann Ros Comáin a chur de dhroim sheoil os comhair an tslua i bPáirc an Chrócaigh.

Dar le hiarbhainisteoir Mhaigh Eo, James Horan, údar mór imní do Dessie Farrell a bhí sa taispeántas agus Horan ag díriú ar thréimhse imeartha ar leith a tharla ag deireadh an chéad leatha nuair a choinnigh Ros Comáin seilbh ar an liathróid ar feadh beagnach sé nóiméad gan lámh a bheith leagtha orthu go dtí gur aimsigh Ciaráin Murtagh pointe.

“Go ligfeadh Áth Cliath dó sin tarlú i bPáirc an Chrócaigh, tá sé sin an-suntasach,” a dúirt Horan agus é ag labhairt ar phodchraoladh de chuid an Irish Examiner.

“Nach gcuirfeadh imreoir ó Áth Cliath stop leis [an ngluaiseacht], nach ndéanfadh siad rud éigin faoi…ar feadh cúig nó sé nóiméad nuair atá tú trí phointe chun deiridh, tá sé craiceáilte.”

Dar leis an iriseoir Maurice Brosnan, 71 pas ar fad a thug Ros Comáin sa ghluaiseacht agus lámh leagtha ag an gcúl báire Conor Carroll ar an liathróid naoi n-uaire déag.

“Dá mba thú bainisteoir na foirne sin, bheadh an-imní ort faoin easpa fuinnimh a bhí le feiceáil,” a mhaígh Horan. “Ní féidir glacadh leis.”

Más eachtra eisceachtúil a bhí ansin, bheifeá ag súil le freagra ó Áth Cliath in aghaidh Chill Dara an deireadh seachtaine seo chugainn ach, mura dtagann sin, b’fhéidir go bhfuil Horan ceart agus go bhfuil fadhbanna suntasacha le réiteach ag Áth Cliath.

Ní neart go cur le chéile do Chorcaigh

Údar spreagtha do pheileadóirí Chorcaí a bhí i bhfilleadh Brian Hurley ar an bhfoireann don chluiche in aghaidh Lú agus léirigh an tosach a chumas le hocht bpointe sa chluiche seo a bhuadar agus páirt chinniúnach aige sa chúl a scóráil na Muimhnigh sa chéad leath chomh maith. Bhí Hurley agus Ian Maguire ar bheirt díobh siúd a sheas an fód do Chorcaigh sa chluiche tábhachtach ach ní hiadsan amháin ba chúis leis an mbua.

D’aimsigh Corcaigh 1-19 san iomlán i bPáirc Tailteann, gaisce scórála i ndáiríre, agus cé gur aimsigh Hurley beagnach leath de na scóranna, tabharfaidh sé an-sásamh do John Cleary go raibh neart imreoirí eile a tháinig chun cinn chun a gcuid féin a dhéanamh.

Deichniúr ar fad a fuair scóranna do Chorcaigh, cúigear den seisear tosaithe a thosaigh an cluiche ina measc agus i gcluiche a imríodh ag an-luas lá te san Uaimh, bhí sé tábhachtach do Chorcaigh chomh maith gur chuir na hionadaithe brí sa bhfoireann nuair a tháinig siad isteach agus ba mhór an chabhair na pointí a fuair Stephen Sherlock, John O’Rourke agus Conor Corbett nuair a bhí an cluiche fós idir dhá cheann an meá.

Is beag seans go fóill go bhfaighidh na Corcaígh an ceann is fearr ar Chiarraí i bPáirc Uí Chaoimh ag an deireadh seachtaine, ná fiú ar Mhaigh Eo, ach is mór an t-ugach bua an tSathairn mar sin agus áit sna réamhbhabhtaí ceathrú ceannais anois rompu.

Mná Dhún na nGall ag dul sa treo ceart arís

Cé gurbh iad deacrachtaí na bhfear is mó a tharraing caint i rith an earraigh, bhí bliain chrua ag banpheileadóirí Dhún na nGall freisin go dtí seo in 2023 ach, cosúil leis na fir, tá bua tábhachtach faighte ag na mná díreach ag an am ceart.

Bhí foireann Maxi Curran buailte ag lag trá i rith an earraigh agus cloíte i ngach ceann de na seacht gcluiche a bhí acu i Roinn 1 na sraithe níos luaithe i mbliana agus iad díbeartha ón bpríomhroinn dá bharr. Fuair an fhoireann a céad bhua i mbliana ag deireadh mhí Aibreáin nuair a bhuadar ar an gCabhán i gCraobh Uladh ach d’fhág an bua cuimsitheach a bhí ag Ard Mhacha ar na Conallaigh seachtain ina dhiaidh sin gurb iad Ard Mhacha rogha láidir na coitiantachta do chluiche ceannais an chúige ag an deireadh seachtaine.

Bhí cuma na maitheasa ar Ard Mhacha freisin luath sa chluiche nuair a chuadar 0-4 in aghaidh 0-1 chun tosaigh ach tháinig Dún na nGall ar ais go láidir agus bhíodar cúpla pointe chun tosaigh ag leath ama. Is beag a bhí idir na foirne sa dara leath ach léirigh foireann na gConallach go m’fhéidir go bhfuil sí ar ais ar a seanléim arís. Chinntigh cúl Ciara McGarvey ag an deireadh an bua do mhná Thír Chonaill.

Níl Geraldine McLaughlin ná Yvonne Bonner, beirt a bhí chomh tábhachtach do Dhún na nGall ar feadh na mblianta, ar fáil ag Maxi Curran i mbliana agus ba mhór an cuidiú go raibh an bainisteoir in ann Niamh Hegarty a mhealladh ar ais le gairid agus trí phointe aimsithe aici sa bhua ar Ard Mhacha.

Tabharfaidh an bua sin an-mhuinín do na Conallaigh don chéad chuid eile den chraobh agus iad istigh le contae na Mí agus Port Láirge i nGrúpa B. Thug Dún na nGall an-chluiche don Mhí i gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh agus d’fhéadfaidís deacrachtaí an earraigh a fhágáil ina ndiaidh ach cruthú go maith sna seachtainí atá amach romhainn.

Fág freagra ar 'Mí-éifeacht Luimnigh, ábhar imní d’Áth Cliath, agus ceachtanna eile'

  • jpmorley0@gmail.com

    Gan trácht ar ‘mí-éifeacht’ an réiteora:
    1. Is ea ar CHAITH Cathal O Neill an sliotar chuig Gillane agus chuir siúd san eangach é.
    2. Níor ardaigh Cahalane an sliotar ón dtalamh.
    3. Bhí greim ag Gillane ar chamán an lánchúlaí nuair a bronnadh pionós air.
    Chruthaigh an ceamara gach ceann acu sin ach chonaic an slua iad freisin seachas an réiteoir Owens. Cluiche chomh tábhachtach a thabhairt ar lámha do phleota!