Mhúinfeadh Raiftearaí a oiread céanna faoi bhreischéim na haidiachta is na Bráithre Críostaí…

Is dhá cheist ar leith iad ceist éigean na Gaeilge agus ceist shiollabas na Gaeilge agus fiú dá ndéanfaí ábhar roghnach den Ghaeilge, ní hionann sin is na fadhbanna a bhaineann le siollabas na Gaeilge a réiteach...

Mhúinfeadh Raiftearaí a oiread céanna faoi bhreischéim na haidiachta is na Bráithre Críostaí…

Is mó caint atá ann le tamall ar stádas na Gaeilge mar ábhar éigeantach i bhfianaise thuarascáil an NCCA. Tuarascáil í seo atá foilsithe mar chuid d’athbhreithniú na heagraíochta sin ar leagan amach na hArdteiste.

Ní gá gur moladh gan dealramh a bheadh ann líon na n-ábhar ardteiste a ndéantar staidéar orthu a laghdú. Neosfaidh an aimsir, áfach, an mar a chéile a chaithfear leis an Mata agus leis an mBéarla is a chaithfear leis an nGaeilge, óir táthar tar éis díriú ar na croí-ábhair i dtuarascáil an NCCA.

Má dhéantar ábhar roghnach den Ghaeilge gan déanamh amhlaidh leis an Mata agus leis an mBéarla, is féidir a rá gur cur chuige míleanúnach, éagórach a bheidh i gceist ansin. Pé cinneadh a dhéanfar sa deireadh thiar, ba cheart caitheamh leis na croí-ábhair ar fad mar a chéile.

Cé is moite de na ceisteanna sin, ní ceart aon iontas a bheith orainn go bhféachfaí le hísliú céime a thabhairt don Ghaeilge anois; tá a leithéid ag teacht go binn le hidé-eolaíocht an Stáit nua, áit a bhfuil na gnéithe is tábhachtaí dár n-oidhreacht agus dár bhféiniúlacht á ligean i ndearmad, agus leithscéal á ghabháil as a n-ucht, diaidh ar ndiaidh. Lena chois sin, tá an frith-intleachtúlachas go mór i réim anois.

Ag caint di go sonrach ar pháipéar Gaeilge na hArdteiste, dúirt Máire Ní Fhinneadha, colúnaí le Tuairisc.ie, go mbuaileann ‘ráig duaircis is easpa misnigh’ í nuair a chíonn sí a bhfuil ar an bpáipéar sin na haon bhliain. Nó is mar sin atá an scéal aici le tamall de bhlianta ach go háirithe.

Ba dheacair easaontú le formhór dá bhfuil ráite aici san alt céanna ach, cé is moite den scrúdú féin, n’fheadarsa an ndamnóinn as alt ‘múnla na Laidine’ chomh fada is a bhaineann sé le gnéithe áirithe den teanga a mhúineadh. Ní hionann an tslí ina múintear an teanga sa seomra ranga agus a bhfuil de lochtanna ar an bpáipéar scrúdaithe – cé go dtuigim go bhfuil baint ag an dá rud lena chéile.

Is gá leagan amach cheisteanna an pháipéir scrúdaithe a athrú ó bhonn, ach ní bhfaighinnse locht ar sheanmhodhanna múinte díreach mar gheall nach bhfuil siad á leagan anuas ar na gnéithe úd den teanga ar cheart iad a leagan anuas orthu. Táim ag caint anseo go háirithe ar chomhábhar abairte: briathra, ainmfhocail agus réamhfhocail.

Luaigh dalta amháin i dtuarascáil an NCCA gur cheart go mbeifí ag díriú ar a leithéid sin in áit a bheith ag iarraidh dánta a chur de ghlanmheabhair. Murab ionann agus aistí móra fada, áfach, ní miste dánta nó giotaí as dánta agus amhráin a fhoghlaim de ghlanmheabhair ó thráth go chéile, óir is iontu atá comhréir na teanga le fáil, gan trácht ar a bhfuil de shaibhreas stór focal ag roinnt leo.

Tá bac anois ar aon bhuntáiste a lua leis an gcur de ghlanmheabhair, toisc an ceangal atá idir é agus aistí móra fada, agus is mór an trua é sin. Bíodh daoine ag foghlaim de réir mar is nádúrtha, ach ná bítear in aghaidh struchtúr áirithe a bheith ag baint le ceachtanna ranga ó am go ham. Mhúinfeadh Raiftearaí a oiread céanna dúinn faoi bhreischéim na haidiachta is a mhúinfeadh na Bráithre Críostaí, dá dtuigfimis an scéal i gceart.

Murach an cur de ghlanmheabhair agus múnla teagaisc na Laidine, ní bheadh an t-alt seo á scríobh agamsa. Múnla na Laidine a fuaireas-sa i Scoil Lorcán Naofa i gCill Mochuda, chomh fada is a bhain le briathra, forainmneacha réamhfhoclacha agus breischéim an fhir is fearr acu, Raiftearaí. Trí shamplaí nádúrtha a thugamar gnéithe eile den ghramadach linn, an tuiseal ginideach san áireamh.

Tríd an bhfilíocht – filíocht gan mhaith, dar le daltaí áirithe a cheistigh an NCCA – a chuireamar eolas ar chóras na bhfoirmeacha táite (e.g. ‘bhíos’ etc) agus ar chóras na bhfoirmeacha scartha (e.g. ‘bheadh muid’ etc).

Luaim na gnéithe seo den teanga mar gurb iad is mó atá in easnamh ar dhaltaí scoile agus mar nach féidir leo scríobh ar ‘stíl Nuala Ní Dhomhnaill’ agus a leithéid dá n-uireasa. Is iad bunuirlisí na teanga iad ach ní bhíonn siad ag an ngnáthfhoghlaimeoir scoile (taobh amuigh den Ghaeltacht) faoin am a mbaineann sé an cúigiú bliain amach. Nuair a bheidh cur chuige agus siollabas ann a ligfidh do mhúinteoirí an t-eolas atá acu a roinnt go héifeachtach lena gcuid daltaí, beifear in ann dul i ngleic leis an nGaeilge mar ábhar ardteiste mar is ceart ansin.

Ar ndóigh, tá dlúthbhaint ag ceist an ama le roinnt an eolais sin, agus is d’íoróin an tsaoil é go láidreoidh a leithéid d’argóint na hiarrachtaí atá ar bun ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge; tá am agus ualach oibre luaite go sonrach i dtuarascáil an NCCA.

Mar fhocal scoir, is dhá cheist ar leithligh iad ceist éigean na Gaeilge agus ceist shiollabas na Gaeilge, agus an deis a bheadh ag múinteoir a chuid eolais a roinnt go héifeachtach le daltaí taobh istigh den siollabas sin.

Ní hionann ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge agus na deacrachtaí a bhaineann le siollabas na Gaeilge a réiteach. B’fhiú cuimhneamh ar an méid sin, mar is minic a dhéantar an dá argóint a mheascadh lena chéile agus an cheist á plé ag daoine ar chaon taobh den díospóireacht.

Maidir leis an argóint gan dealramh a bhaineann leis an nGaeilge agus an Pholainnis, níl ach freagra amháin air sin: siod í Éire, ní hiod í an Pholainn. Ní thagann an líon cainteoirí atá ag teanga isteach sa scéal beag ná mór. Saibhriú oideachais agus tuiscint ar ár n-oidhreacht atá i gcroílár an scéil.

Agóidíocht faoi impleachtaí fostaíochta agus faoi chinniúint na gColáistí Gaeilge sa Ghaeltacht an t-aon rud a chuirfidh bac ar an Stát ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge anois. Bíodh súil na circe i ndiaidh an ghráinne againn ar scéal an Mhata is an Bhéarla, áfach, féachaint conas a chaithfear leosan agus cinneadh á dhéanamh faoin nGaeilge. 

Fág freagra ar 'Mhúinfeadh Raiftearaí a oiread céanna faoi bhreischéim na haidiachta is na Bráithre Críostaí…'

  • Polska Abú!

    Cén “argóint gan dealramh faoin Pholainnais”?
    Is é líon na daoine a labhrann an Ghaeilge taobh amuigh den chórais scolaíochta sa Ghalltacht ná 53,217.
    Is é 119,526 líon na daoine a labhrann Polannais sa bhaile sna 26 contae.

    Caithfidh go labhrann Gaeilgeoirí go h-an chiúin mar is go fíor-annamh a chloistear an Ghaeilge ar shráideanna na 26 contae.